Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá caibidil eile againn daoibh an tseachtain seo.

Caibidil 8 (Cuid 3)
An Mhoráltacht ina hUile Chlúmh
“A chainteoir,” ar sí, “tá ardspéis agam i ngach a bhfuil á rá agat, ach ar mhiste leat beagán a insint dúinn faoina bhfuil i gceist le Mímhoráltacht na Fógraíochta?”
“Cinnte, a bhean uasail,” arsa Daire, “agus go raibh maith agat as a mheabhrú dom go bhfuil sé i gceist agam labhairt ar an ábhar sin.”
Glacann Daire anáil mhór fhada, ansin bolgam den uisce, agus í á réiteach féin don tríú mír den moráltacht ar a dteastaíonn uaithi aghaidh a thabhairt.
“An Fhógraíocht,” ar sí, “is maith ann é, a deir lucht gnó linn. Agus cá bhfios, lena gcumann sé de phostanna d’ealaíontóirí agus chlólanna nach bhfuilid ceart sa mhéid a deir siad. Is cinnte go bhfuil feidhm thábhachtach aige i ngeilleagar gach aon tír. Féach, dála an scéil, go gceanglaíonn sin leis an dara gné den Moráltacht agus den Mímhoráltacht é – ‘Gné an Gheilleagair’. Agus féach, chomh maith, gurb í is aidhm leis an bhFógraíocht ná ‘iarracht’ a dhéanamh chun dul i gcion orainne, daoine, maidir lenár gcaiteachas pearsanta. Mar sin, tá ceangal, chomh maith, idir é agus an chéad ghné den Moráltacht agus den Mímhoráltacht ar a labhair mé ó chianaibhín – is é sin ‘Gné na hIarrachta’. Agus, ach oiread leis an dá ghné eile sin, níl aon ní cearr le fógraíocht ann féin, bíodh is gurb í is aidhm bhunúsach leis ná a chur orainn scarúint lenár gcuid airgid.