Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá caibidil eile againn daoibh an tseachtain seo.

Caibidil 8 (Cuid 2)
An Mhoráltacht ina hUile Chlúmh
Is ag an bpointe seo a thuigeann Daire go bhfuil a dánacht tar éis í a iompar thar gach líne chosanta dá bhfuil ann di. Tá rugtha ag an ngaoth ar sheol na cainte agus tá scuabadh fúithi nach eol dó srian ná seachaint. Ní hé go smaoineodh sí ar chúlú, ach fiú dá ndéanfadh féin, ní féidir sin anois. “San iris seo atá i ngreim i mo dheasóg agam – eagrán mhí Feabhra 2022 de Global Finance, a éisteoirí – ” ar sí, “tá alt – alt, ag am a fhoilsithe, ina áirítear an tírín beag s’againne ar an dara tír is saibhre ar domhan de réir GDP na ndaoine. Uimhir a Dó ar domhan, ’s gan chun tosaigh ar an oileáinín beag seo ar imeall na Mór Roinne ach Lucsamburg na hEorpa. Cé a chreidfeadh gur mar sin atá? Qatar, an tAontas Arabach Eimiríteach agus Eilbhéis na hEorpa níos ísle ar an liosta sin ná muid, agus iad ag Uimhir 3, Uimhir 4 agus Uimhir 5, faoi seach! Sea, meánfhigiúr GDP, nó Olltáirgeacht Intíre an Chathróra Éireannaigh ar an 22ú Feabhra 2022 is ea $111,000. Samhlaígí sin.”
Cloistear osna sa slua. “Sea,” arsa Daire, “is mór an méid airgid é. Ach is meánfhigiúr é, a chairde. Níl sin agamsa, a chompánaigh, ná ag duine ar bith a bhfuil aithne agamsa air. Ach sin an meánfhigiúr nuair a thugtar gach aon duine saibhir agus gach aon duine bocht sa tír seo san áireamh. Tá an tír ag cur thar maoil le hairgead. Ach, más amhlaidh atá, cén fáth an bochtanas? Cén fáth easpa tithíochta dár ndaoine? Cén fáth liostaí fanachta dár n-ospidéil? Ní i ngeall ar aon easpa airgid go bhfuil cúrsaí amhlaidh, a chlann, mar ní hann d’easpa airgid. Ní hea, go deimhin, ach i ngeall ar an tSaint agus ceal Toil Pholaitiúil. Tá ár gcoirp agus ár n-anama agus ár meonta díolta leis na meirligh. Ach is measa ná sin fós é an scéal, mar gur d’ár muintir féin anois iad na meirligh sin, don chuid is mó. Agus, san uair nach iad ár muintir féin iad, is rachmasaithe saibhre gnó ón gcoimhthíoch iad a bhfuil go leor de lucht saibhris agus lucht polaitiúil na tíre seo ag oibriú i gcomhar leo – iad á mealladh isteach sa tír agus á gcumasú, á n-inchumhachtú chun go dtógfar ar a dtoil agus go leathnófar an bhearna idir iad agus na bochtáin. Agus ní teifigh ná daoine bochta ón gcoígríoch atá i gceist agam, ach daoine a bhfuil a saibhreas déanta acu in áiteanna eile cheana, agus ar an dóigh chéanna.”
“I gcead duit, a dhuine,” arsa fear a sheasann sa slua, “is dóigh liom gur ag dul le polaitíocht sa chaint seo atá tú, agus gurb í an sóisialachas atá á chraobhscaoileadh anseo agat.”