Spéic na Girsí, caibidil 8.1

Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá caibidil eile againn daoibh an tseachtain seo.

Ré Ó Laighléis

Caibidil 8 (Cuid 1)
An Mhoráltacht ina hUile Chlúmh

Ciúnas sa halla thar mar a bhí de chiúnas ann ag pointe ar bith go nuige seo. Agus tá Daire tuirsithe go mór ag an seisiún atá díreach curtha di. Ar chúis nach eol di, is mó atá bainte aisti ag an gcaint dheireanach seo ar an mbochtaineacht ná téama ar bith eile ar a labhair sí go dtí seo. Ar bhealach, is é a thuigeann sí ná go bhfuil an bhochtaineacht, ar dhóigh éigin, ceangailte le gach snáth cainte ar a labhair sí agus le gach téama ar a dhéanfaidh sí caint fós.

“Agus an Mhímhoráltacht!” ar sí, de splanc a tháinig chuici as áit anaithnid éigin i gcúl a hintinne. Ach gan de thuairim ó thalamh an domhain aici céard é a theastaíonn uaithi a rá ar an téama nua-fhógartha seo. Splanc eile, agus seo í ag dul i muinín rud éigin inmheánach nach dtuigeann sí, ach a chreideann sí, gan aon chúis réasúnaíochta leis, a threoireoidh chun céille is chun gaoise ina caint í. “Mímhóráltacht Iarrachta, Mímhoráltacht Gheilleagrach, Mímhoráltacht na Fógraíochta, ’s gan sa trírín sin, a chairde, ach caolchuid na mímhoráltachtaí uile a bhfuil ann.”

Tá bior ar an aer arís sa halla. Roinnt den slua fiosrach, agus súil acu lena bhfuil le teacht ón gcailín óg an babhta seo. Roinnt eile, táid corrthónach – iad míchompord ó thus, toisc léargas smaointeoireachta na girsí. Iad faiteach roimh an iniúchadh, an griogadh, an dúshlán.

“NÍ ceadmhach lagiarracht,” ar sí go lom. “Is den leimhe ’s den leisce sin. Anois, ní hin le rá nach láidre ón nádúr é cumas iarrachta duine amháin ná duine eile. Ach ní hionann, i gcás iarrachta, ‘láidir’ agus ‘lán’. A fhad is go dtugtar lániarracht, beag beann ar chumas an té a thugann, tá an iarracht sin measúil, macánta, morálta. Ach níl aon áit don mheasarthacht i gcás na hiarrachta féin, díreach mar a dúradh nuair ba iad na tallanna a bhí faoi chaibidil ó chianaibhín.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.