Síorstíl: Sraith comórtas dírithe ar an bhfaisean inbhuanaithe

Tá ríméad ar Fíbín Media an dara sraith de Síorstíl, comórtas ceannródaíoch faisin, ina gcuirfear dúshlán ar sheachtar dearthóirí cumasacha sárshaothair ardfhaiseanta a dhéanamh d’ábhar dara láimhe agus athchúrsáilte, a fhógairt. Is í Sinéad Ní Uallacháin a chuirfidh an tsraith i láthair agus is iad Deidre Allen agus Ándría Uí Thaidhg a bheidh ina moltóirí. Tá níos mó i gceist le Síorstíl ná comórtas. Is gluaiseacht atá ann ina gcuirfear iallach orainn smaoineamh arís ar an gcur chuige atá againn i leith cúrsaí faisin i ndomhan nua-aimseartha.

Tabharfaidh na hiomaitheoirí aghaidh ar dhúshláin éagsúla dearaidh i ngach clár a thástálfaidh na scileanna atá acu i gcúrsaí inbhuanaitheachta, nuálaíochta agus stíle. Bronnfar an duais mhór ar an dearthóir is mó atá ábalta an chumhacht bhunathraitheach a bhaineann le cuspóir nua a thabhairt d’earraí ach an bua cruthaitheach atá ag teastáil chun éadaí ardfhaiseanta a chruthú a léiriú ag an am céanna. Beidh aoi-mholtóir a bhfuil ceangal acu leis an dúshlán i dteannta an ghnáthphainéil moltóirí ar gach clár. Áirítear orthu sin daoine mór le rá amhail Eimear O’Reilly, Póilín Nic Géidigh, Virtue Shine, Don O’Neill, Cian Ó Gríofa, agus Ríon Hannora.

Cuirfear tús le céad chlár na sraithe, a bheidh le craoladh an 14 Eanáir, le dúshlán dána ina mbeidh ar na dearthóirí feisteas thar a bheith faiseanta ‘Is Mise’ a chruthú, trí úsáid a bhaint as an éadach dara láimhe agus athchúrsáilte a thugtar dóibh. Cuirfidh an tasc seo ar chumas na n-iomaitheoirí a stíl phearsanta féin a léiriú ón tús. As sin, tabharfaidh na hiomaitheoirí faoi dhúshláin nua gach seachtain ina gcuirfear tástáil ar a gcumas an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh as ábhair a bhíonn in úsáid againn gach lá a athshamhlú. Ó fheistis a d’fheilfeadh do Bhród go dtí feistis a bheadh feiliúnach d’fhéile mhór Afracach, níl deireadh ar bith leis na deiseanna.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.