Tá sceideal scéimeanna maoinithe 2026 do na healaíona sa Ghaeltacht fógartha ag Ealaín na Gaeltachta, agus ocht scéim ar fáil san iomlán a thabharfaidh tacaíocht d’ealaíontóirí gairmiúla, d’eagraíochtaí ealaíon agus do ghrúpaí pobail i ngach réimse ealaíne ar fud na Gaeltachta.
Is é misean Ealaín na Gaeltachta na healaíona comhaimseartha agus traidisiúnta a fhorbairt agus a chur chun cinn sna ceantair Ghaeltachta, le béim ar leith ar rannpháirtíocht an phobail agus na hóige. Tá sé mar chuspóir ag an eagraíocht tacú le healaíontóirí Gaeltachta a gcleachtais agus a ngairmeacha a chothú, agus ag an am céanna bonneagar ealaíon na Gaeltachta a neartú.
Léiríonn figiúirí ó 2025 tionchar suntasach na scéimeanna seo. Le maoiniú ó Ealaín na Gaeltachta, ghlac 128,577 duine páirt in imeachtaí agus i dtionscnaimh ealaíon, agus fostaíodh 2,023 ealaíontóir ar fud na Gaeltachta. Deirtear gurb iad na healaíontóirí, na heagraíochtaí ealaíon agus na grúpaí pobail croílár shaol cultúrtha na Gaeltachta, agus gurb í a gcuid cruthaitheachta a chruthaíonn éagsúlacht agus fuinneamh sna healaíona ó cheann ceann na bliana.
Ag labhairt di faoin bhfógra, dúirt Rachel Holstead, Príomhfheidhmeannach Ealaín na Gaeltachta, gur “uirlis forbartha ríthábhachtach iad na scéimeanna maoinithe atá tar éis tacú leis an iliomad tionscadal agus ealaíontóirí Gaeltachta ón síol go dtí an bláth agus an toradh thar na blianta”, ag cur leis go dtacaíonn siad le nuálachas agus le leanúnachas araon.
I measc na scéimeanna is mó a mheallann aird tá Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht, a chuireann tacaíocht suas le €15,000 ar fáil d’fhéilte ealaíon a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge. Fuair 19 bhféile maoiniú in 2025, idir fhéilte seanbhunaithe agus cinn nua. Reáchtálfar seisiúin eolais ar líne d’iarrthóirí i mí Eanáir.
Cuireann Scéim Forbartha na nEalaíon sa Ghaeltacht tacaíocht ar fáil do thionscadail ar ardchaighdeán, agus beidh dhá spriocdháta aici in 2026, i mí Feabhra agus i mí an Mheithimh. Tá solúbthacht ar leith ag baint le Scéim Síol, a ligeann d’ealaíontóirí agus do ghrúpaí iarratas a dhéanamh am ar bith le linn na bliana ar suas le €1,000.
I measc na dtacaíochtaí eile tá an Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí Gaeltachta, an Scéim Oiliúna, agus na scéimeanna Treisiú agus Neartú don óige. Tá Ealaín na Gaeltachta tiomanta freisin do bhonneagar ealaíon na Gaeltachta a fhorbairt, le tacaíocht leanúnach d’ionaid ealaíon ar fud na gceantar Gaeltachta.
Tá tuilleadh eolais, comhairle agus tacaíochta ar fáil trí fhoireann Ealaín na Gaeltachta, le maoiniú ón gComhairle Ealaíon, ó Údarás na Gaeltachta agus ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Spriocdátaí
02.02.26 – Scéim Forbartha na nEalaíon (Spriocdháta 1)
26.02.26 – Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht
26.02.26 – Treisiú (Spriocdháta 1)
23.04.26 – Neartú (Spriocdháta 1)
02.06.26 – Scéim Forbartha na nEalaíon (Spriocdháta 2)
16.07.26 – Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí Gaeltachta
27.08.26 – Treisiú (Spriocdháta 2)
24.09.26 – Neartú (Spriocdháta 2)