Ag tosú Déardaoin an 29 Eanáir ag 8 pm
Leanfar sa tsraith úr seo an Conallach Áine Ní Bhreisleáin i gcomhluadar meascán bríomhar de charachtair mhealltacha agus láidre, daoine a fheiceann an saol agus a bhfuil ann ó phointe faoi leith, daoine a bhfuil cloch mhíle bainte amach acu ina saol go dtí seo, iad siúd a thugann faoin saol le brí agus le neamhspleáchas. Sraith 6 chlár 25 nóiméad an ceann le craoladh ag 8 pm ón 29 Eanáir 2026.
Cinnteoidh nádúr fiosrach agus gealgháireach Áine, chomh maith lena bua éisteachta agus suim sa chomhrá, go mbeidh deis ag na haíonna labhairt ón gcroí amach ar a saol agus ar a dtodhchaí. Tabharfaidh Áine faoi thuras siamsúil, domhain agus croíúil le gach aoi chun teacht ar a gcuid mianta agus spriocanna saoil. Tabharfaidh siad faoi eachtraí le chéile agus caithfidh Áine am ina gcuideachta ag suíomhanna atá lárnach ina saol.
Tá cúlraí éagsúla ag gach duine dá cuid aíonna. Is daoine iad a lean cosáin éagsúla chun an pointe seo ina saol a bhaint amach, daoine faoi leith, daoine a thugann léargas úr ar shaol na nGael inniu. Pléifidh Áine Le linn na sraithe buncheisteanna daonna le gach aoi: céard a mhúnlaigh iad, céard a chothaíonn iad agus céard a spreagann iad. Fiosróidh sí freisin mar a dhéileáileann siad le tubaistí agus le briseadh croí, agus mar a bhaineann siad amach suaimhneas agus sonas ina saol.
Clár 1: Hugh Corcoran

Sa chéad chlár den tsraith tabharfaidh Áine cuairt ar an gcócaire Feirsteach Hugh Corcoran i Londain, áit a bhfuil sé i mbun The Yellow Bittern, bialann iomráiteach agus chonspóideach.
Tá tuairimí láidre aige ar an earnáil fáilteachais agus blianta caite aige ag cócaireacht ar fud na hEorpa. Ón gcéad lá tá The Yellow Bittern, a d’oscail sé féin, a pháirtí Frances agus a chara Oisín, ag tarraingt aird an phobail agus lucht léirmheastóireachta araon lena biachlár sainiúil Éireannach, agus lena nósanna neamhghnácha ar nós do bhord a chur in áirithe ar an bhfón nó trí chárta poist amháin agus nach nglacann siad ach le hairgead tirim. Fiú anseo, i gcathair ilchultúrtha Londan, is rud an-éagsúil é sin.
Clár 2: Aoife Ní Bhriain
Gheobhaidh Áine léargas sa dara clár ar shaol gnóthach an cheoltóra chlasaicigh agus thraidisiúnta Aoife Ní Bhriain, sa bhaile i mBaile Átha Cliath agus ar an ardán i gCill Chainnigh.
Tá Aoife ar dhuine de na ceoltóirí is suimiúla atá ag obair in Éirinn inniu. Bean a bhfuil an ceol go smior inti a sheinneann le fuinneamh, le scil agus thar aon ní eile, le féiniúlacht. Cé gur fhás sí aníos i dteaghlach ceolmhar traidisiúnta i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, thit sí faoi gheasa an veidhlín agus an cheoil chlasaicigh nuair a thosaigh sí ranganna veidhlín le cara clainne nuair a bhí sí 9 mbliana d’aois. Fiosróidh Áine aistear ceoil Aoife agus í ag trasnú dhomhan an cheoil Ghaelaigh thraidisiúnta agus an cheoil chlasaicigh. Labhróidh siad freisin faoina coimhlint phearsanta le hailse.
Clár 3: Feargal Mac Ionnrachtaigh
Ar Bhéal Feirste a bheidh triail Áine sa tríú clár chun casadh le Feargal Mac Ionnrachtaigh. Faoi bhun an tSléibhe Dhuibh in iarthar Bhéal Feirste a rugadh Feargal ag tús na 1980í.
Tréimhse chorrach le linn aimsir na dtrioblóidí a bhí ann, inar fhulaing teaghlaigh agus pobail tragóidí uafásacha, teaghlach Fheargail ina measc. Tá Feargal lárnach sa lá atá inniu ann i gcúrsaí forbartha pobail, tograí don óige, féilte pobail, CLG, cearta teanga agus caomhnú sléibhe sa chathair. Déanfar scagadh géar agus grinn sa chlár seo ar scéal cumhachtach agus pearsanta, ach scéal dearfach daonna lena léiriú gur féidir le duine, teaghlach agus pobal athnuachan atá fréamhaithe ina ndúchas a bhaint amach.
Clár 4: Evanne Ní Chuilinn
Go Baile Átha Cliath agus Cill Chainnigh a thabharfaidh Áine a haghaidh sa cheathrú clár chun casadh leis an iar-iriseoir agus láithreoir spóirt Evanne Ní Chuilinn.
D’fhág Evanne a post le RTÉ in earrach 2025 chun tabhairt faoi dhúshlán nua ina seanadóir d’Fhine Gael. Pléifidh Evanne agus Áine na cúiseanna ar shocraigh sí tabhairt faoin bpolaitíocht ar an gclár, agus fiosróidh Áine an taithí saoil atá ag Evanne anois agus í ag treorú agus ag múnlú a cuid tosaíochtaí polaitíochta.
Clár 5: Siobhán de Paor & Diarmuid Lyng
I gCill Chainnigh a bheidh Áine sa chúigiú clár chun bualadh leis an bhfile Siobhán de Paor agus leis an iar-imreoir iománaíochta Diarmuid Lyng atá ag tabhairt faoi ré nua ina saol lena bpáistí óga.
Beirt a tháinig le chéile ó chúlraí éagsúla iad seo, beirt a raibh grá acu don Ghaeilge, don chultúr Gaelach agus beirt a raibh grá acu dá chéile. Tabharfaidh siad léargas speisialta d’Áine sa gclár seo ar an bhfís agus ar an dóchas atá acu beirt chun tearmann cultúir agus teanga a thógáil ón mbun aníos.
Clár 6: Bríd Ní Neachtain
Tabharfaidh Bríd Ní Neachtain léargas d’Áine ar shaol an aisteora i gclár deiridh na sraithe agus í ag ullmhú do dhráma nua in Amharclann na Mainistreach; stáitse atá lárnach i saothar agus i gceird an aisteora chlúitigh as Ros Muc.
Aisteoir í Bríd a thug faoi stáitsí beaga na Gaeltachta agus stáitsí móra an domhain. Ó Dancing at Lughnasa go Cré na Cille agus The Banshees of Inisherin, tá Bríd Ní Neachtain ar dhuine de na haisteoirí is éirimiúla dá bhfuil againn, í fréamhaithe i saol na hamharclainne ach ar a sáimhín só freisin i ndomhan ildánach na scannán agus teilifíse.