Clár faisnéise tochtmhar nua ar TG4 ina gcuirfear aithne ar mhuintir McNally, atá chun aghaidh a thabhairt le chéile ar an diagnóis i ngalar Alzheimer PCA atá faighte ag a n-athar Seán.
Léireofar neart mhuintir McNally sa chlár Néaltrú, atá ag brath ar chion, greann, agus teacht aniar agus iad anois ag dul in oiriúint do riachtanais Sheáin, riachtanais atá ag athrú an t-am ar fad. Trí shúile Emer, bean chéile Sheáin ar leas-phríomhoide gnóthach í, feicimid teaghlach atá ag iarraidh a mbealach a dhéanamh trí thréimhse nua chasta ina saol.
Bíonn aird an chomhluadair i gcónaí ar Sheán, a bhfuil cáil air as a thráthúlacht, ag club an teaghlaigh gach oíche Aoine, fiú agus Alzheimer ag goid a chuid cainte. Agus ina theannta sin, a chuid Gaeilge, teanga a raibh an-chion go deo aige uirthi le linn a shaoil. Leagtar béim sa scannán seo ar na tréimhsí lúcháireacha agus pianmhara, agus ar an mbealach a ndéanann teaghlach ceiliúradh ar an mbeatha agus iad ag tabhairt aghaidh ag an am céanna ar an gcumha a bheidh orthu i ndiaidh Sheáin nuair a bhainfidh an galar a chuid féin amach. Scéal grá atá i gcroílár Néaltrú, pictiúr de láidreacht agus dúthracht teaghlaigh, agus a mbuanseasmhacht agus iad ag dul in oiriúint do chúinsí a bhíonn ag athrú go síoraí. “Tá grá ag Seán do na rudaí ceannann céanna go fóill. Tá grá air go fóill. Seán atá ann go fóill, ach is leagan nua é de Sheán.”
Léirithe ag Beloved Media Productions do TG4, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) Scáileán Thuaisceart Éireann agus TG4. Is í Bernadette Morris an léiritheoir agus stiúrthóir, Méabh Fields an t-eagarthóir, Michael Quinn i mbun an cheamara, agus Niamh Learmont i mbun fuaime.
‘Néaltrú’, TG4 Dé Céadaoin an 4 Feabhra ag 9.30 pm