An tseachtain seo táimid ag breathnú ar na rialacha a bhaineann le má. Breathnóimid ar dá an tseachtain seo chugainn.
Úsáidtear má chun coinníoll cinnte a chur in iúl. Úsáidtear é go príomha le briathra san aimsir láithreach agus san aimsir chaite. Ní úsáidtear é leis an aimsir fháistineach. Cuireann sé séimhiú ar an mbriathar más féidir. Féach na samplaí seo:
- Má théann sé gheobhaidh sé an scéal iomlán
- Má bhíonn sé te rachaimid chun na trá
- Má bhí sí ann ní fhaca mé í
- Má tháinig sé abhaile aréir is cinnte go bhfuair sé a chóta
- Má fhaigheann sé a phá an tseachtain seo íocfaidh sé an bille
- Má bhriseann sé na rialacha arís ní bheidh cead aige dul chuig an gcóisir
- Má dhéanann sé staidéar beidh seans níos fearr aige sa scrúdú
Athscríobh na habairtí seo gan na lúibíní:
- Má (déan) Seán a chuid oibre (tá) an bainisteoir sásta.
- Má (tá) tú anseo ar maidin (cluin) tú an scéal iomlán.
- Má (tosaigh) sé ag léamh anois (tá) an leabhar críochnaithe aige anocht.
- Má (deifrigh) tú (críochnaigh) tú go luath.
- Má (faigh) tú codladh maith anocht (braith) tú níos fearr amárach.
- Má (abair) sí leo go bhfaigheadh sí é (caith) sí é a cheannach.
- Má (imir) sé go maith sna trialacha (faigh) sé áit ar fhoireann an chontae.
- Má (tabhair) sé freagra ar an gcuireadh (tá) sé ábalta dul chuig an mbainis.
- Má (clois) a tuismitheoirí faoi sin ní (tá) siad sásta.
- Má (feic) mé é (inis) mé dó.
- Má (bris) tú an dlí (tóg) na gardaí thú!
- Má (cuir) tú glaoch air amárach (abair) sé leat.