Mír ghramadaí: An mhír ghramadaí, aimsir láithreach an tsaorbhriathair 

Ceartúchán ar eagrán #61

Sa mhír ghramadaí in eagrán #61 (an 24 Nollaig 2025) ar aimsir fháistineach na mbriathra neamhrialta tá an nóta seo a leanas:

Abair: Dearfaidh mé tú/sé/sí, dearfaimid, dearfaidh sibh/siad. An ndearfaidh? Ní dhearfaidh.

Ar ndóigh, mar seo a leanas ba cheart dó a bheith:

Abair: Déarfaidh mé tú/sé/sí, déarfaimid, déarfaidh sibh/siad. An ndéarfaidh? Ní déarfaidh.

Gabhaimid ár leithscéal as an mbotún eagarthóireachta seo leis an údar, Domhnall Mac Concharraige, agus leis an lucht léitheoireachta.


Domhnall Mac Concharraige

An tseachtain seo caite thosaíomar ag breathnú ar an aimsir chaite den saorbhriathar. Táimid ag breathnú ar na rialacha a bhaineann leis an aimsir láithreach den saorbhriathar an tseachtain seo. Féach ar na rialacha agus na samplaí thíos agus críochnaigh na habairtí a leanas.

Briathar caolBriathar leathan
CuirFág
CuirtearFágtar
An gcuirtear?An bhfágtar?
Ní chuirtearNí fhágtar

Ceisteanna

  1. (Imir) na cluichí ag an deireadh seachtaine. 
  2. An (oscail) na fúinneoga nuair a bhíonn sé te? 
  3. Ní (scríobh) na freagraí ar an scrúdú. 
  4. (Ionsaí) an cúl go trom nuair a bhíonn an fhoireann ag cailleadh. 
  5. (Tóg) na cúilíní nuair a bhíonn deis ann. 
  6. Ní (dún) na doirse nuair a bhíonn sé ciúin. 
  7. An (gabh) na coirpigh de ghnáth? 
  8. (Tabhair) amach na scrúdpháipéir ag tús an lae. 
  9. (Glac) leis nach bhfuil muid in ann dul níos mó. 
  10. Ní (seol) litreacha abhaile. 
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.