Mír ghramadaí: Aimsir fháistineach an tsaorbhriathair

Domhnall Mac Concharraige

An tseachtain seo caite d’fhoghlaimíomar faoi aimsir láithreach an tsaorbhriathair. An tseachtain seo táimid ag tabhairt aghaidh ar aimsir fháistineach an tsaorbhriathair. Féach ar na rialacha thíos agus críochnaigh na habairtí a leanas.

Briathar leathanBriathar caol
CeangailBailigh
CeanglófarBaileofar
An gceanglófar?An mbaileofar?
Ní cheanglófarNí bhaileofar

Abairtí

  1. (Glan) an fhuinneog amárach.
  2. (Abair) go mbeidh sé ag cur báistí níos déanaí.
  3. (Clois) an ceol anocht ag an gceolchoirm.
  4. (Déan) an obair bhaile an tseachtain seo chugainn.
  5. An (faigh) cárta lena aghaidh sin?
  6. (Dóigh) an páipéar sa tine.
  7. Ní (cuir) abhaile an dalta mar is dalta maith í.
  8. (Coinnigh) siar é ag deireadh an lae.
  9. (Inis) an scéal dó amárach.
  10. Ní (ól) uisce. 
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.