Marcanna bónais leathnaithe do dhaltaí a dhéanann an Ardteist trí Ghaeilge ó 2027 ar aghaidh

Cóilín Duffy

Beidh daltaí a dhéanfaidh a nArdteistiméireacht trí mheán na Gaeilge ag fáil marcanna bónais breise ó 2027 ar aghaidh, atá dearbhaithe ag an Roinn Oideachais agus Óige.

Faoi na socruithe nua, cuirfear na marcanna bónais i bhfeidhm ar gach cuid de scrúduithe an stáit, lena n-áirítear obair chúrsa agus Comhpháirteanna Breise Measúnaithe (CBManna). Go dtí seo, níor cuireadh an bónas i bhfeidhm ach ar na scrúduithe scríofa.

Tá na hathruithe seo á dtabhairt isteach mar chuid d’athchóirithe na sraithe sinsearaí, a chuirfidh béim níos mó ar mheasúnú leanúnach i rith na scoilbhliana. Faoin gcóras nua, beidh ar a laghad 40% de na marcanna bunaithe ar thionscadail, ar thuarascálacha agus ar obair phraiticiúil.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.