Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: Andreas Franz Borchert / Wikipedia
San alt seo foghlaimeoimid faoi dhuine de na naoimh is tábhachtaí i luathstair na hÉireann, is é sin Naomh Crónán. Rugadh Crónán in Éile atá suite i gContae Uíbh Fháilí sa lá atá inniu ann. Deirtear gurb as an gceantar ina bhfuil iarthar Chontae an Chláir inniu a mháthair, agus Odhrán an t-ainm a bhí ar a athair. Glaoitear Naomh Crónán Ros Cré air chun é a idirdhealú ó Naomh Crónán mac Béacáin. Tógadh é i gCúige Chonnacht, ach nuair a d’fhás sé d’fhill sé ar a cheantar dúchais, Éile, áit ar bhunaigh sé mainistir agus scoil. Bhí Éile an-iargúlta ar fad agus deirtear go ndeachaigh oilithrigh ar strae.
Cosúil le han-chuid naomh i luathstair na hÉireann ní dhearna an Eaglais Chaitliceach Crónán a chanónú go foirmiúil riamh. Ina ainneoin seo deirtear go ndearna sé miorúiltí. Is é ann scéal is iontaí a bhaineann leis, b’fhéidir, an ceann a bhaineann le tras-scríobh na gceithre shoiscéal a rinne duine dá mhanaigh, fear darb ainm Dioma. Tá an lámhscríbhinn, ar a dtugtar Leabhar Dhioma, againn fós. Ní raibh Dioma ábalta ach tasc amháin a dhéanamh i lá amháin, ó éirí go luí na gréine. D’iarr Crónán air scríobh, agus chuaigh Dioma i mbun pinn. Níor stad sé go dtí gur chríochnaigh sé na ceithre shoiscéal, agus bhí an ghrian ag taitneamh ar feadh daichead lá agus daichead oíche a fhad is go raibh sé ag scríobh. Shíl Dioma nár thóg an obair ach lá amháin.
Is naomhphátrún Ros Cré i gContae Thiobraid Árann é Crónán agus is é an 28 Aibreán a lá féile.
Ceisteanna buntuisceana
- Cárbh as do Chrónán?
- Cén t-ainm a bhí ar a athair?
- Cén fáth a nGlaoitear Crónán Ros Cré air?
- Déan cur síos ar mhiorúilt a rinne sé.
- Cathain a bhíonn a lá féile?
Tasc taighde
Pioc naomh agus déan postaer faoina shaol nó a saol.