Léamhthuiscint: Luathshaol Che Guevara

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

San alt seo beimid ag foghlaim faoi dhuine de na daoine is cáilúla riamh, is é sin Che Guevara.

Rugadh Che Guevara, nó Ernesto Guevara de réir a theastais bréithe, in Rosario san Argintín in 1928. 

Tháinig sé ó theaghlach saibhir. Bhí sinsearacht Éireannach aige ar thaobh a athar agus uaireanta glaoitear Che Guevara Lynch air mar gheall air seo. Dár leis an aisteoir Éireannach cáilúil Maureen O’Hara ba bhreá leis Éire agus bhí sé de nós aige labhairt faoi stair mhíleata na hÉireann, go háirithe na cathanna treallchogaíochta a tharla le linn Chogaidh na Saoirse. Bhí a mhuintir go mór ar an eite chlé agus thacaigh a athair le Poblacht na Spáinne i rith Chogadh Catharta na Spáinne. Thaithin an spórt go mór leis in ainneoin go raibh asma air. D’imir sé rugbaí mar leathchúlaí amuigh agus glaodh “fuser” air leasainm a thagann ón bhfocal Spáinneach El furibundo, a chiallaíonn ar buile, mar bhí sé thar a bheith fisicúil agus é ar an bpáirc imeartha.

Tar éis na scoile d’fhreastal sé ar Ollscoil Buenos Aires agus rinne sé staidéar ar Leigheas. Agus é san ollscoil dúirt sé go raibh fonn air taiscéalaíocht a dhéanamh agus an domhan a fheiceáil. Chaith sé cúpla bliain ag taisteal timpeall Mheiriceá Theas ar ghluasrothar. Chonaic sé an bochtanas a bhí fórleathan timpeall na gcríoch ar fad agus scríobh sé cúnta faoina thuras a bhí gan ainm air go dtí 1995 nuair a foilsíodh é faoin teideal Diarios de motocicleta, a chiallaíonn “dialanna gluaisrothair”. Rinneadh scannán den leabhar seo in 2004 faoin teideal céanna.


Ceisteanna buntuisceana

  1. Cathain a rugadh Che Guevara?
  2. Carbh as dó?
  3. Scríobh dhá píosa eolais faoina mhuintir.
  4. Cén spórt a thaitin leis?
  5. Cén leasainm a bhí air?
  6. Céard a rinne sé tar éis na hollscoile?
    An Páipéar
    Forbhreathnú Príobháideachais

    Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.