Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Agus Lá Fhéile Bríde ar na bacáin, san alt seo foghlaimeoimid faoi cheann de na laethanta is tábhachtaí do na Gaeil.
Is é an 1 Feabhra tús an earraigh san fhéilire Éireannach. Téann an fhéile earraigh siar na mílte bliain agus is ceann de phríomhfhéile na nGael í. Is léir ón meascán de thraidisiúin atá ceangailte leis an lá go mbaineann cuid acu leis an aimsir réamh-Chríostaí agus cuid eile leis an aimsir Chríostaí. Bhí Bríd ina bandia ag na Ceiltigh, agus glacadh léi saghas mar mháthair ar an talamh agus ar an dúlra. Mar sin bhí ciall leis go mbeadh a féile bainteach leis an earrach agus na laethanta ag éirí níos faide. Bhí baint aici leis an tine, leis an aer agus le breith clainne chomh maith. Mar sin de bhí féile di darb ainm Imbolc. Féile lán le dóchas atá ann agus tugtar aitheantas do thábhacht an dúlra san fhéile chomh maith. Tá tionchar láidir ag an bhféile, mar shampla in Éirinn ar ár bhféilire marcáiltear tús an earraigh, ach i dtíortha eile tá tús an earraigh i mí an Mhárta.
Bhí tionchar ag teacht na Críostaíochta ar an bhféile. Rinne na Críostaithe naomh de Bhríd ach chóimeád siad na tréithe a bhain leis an mbandia, ar nós tine agus breith clainne. Ceaptar gur ar an 1 Feabhra a fuair Naomh Bríd bás agus mar sin déantar ceiliúradh uirthi ar an lá seo inniu. Is í Bríd éarlamh baineann na hÉireann. Tugtar Bríd Naofa agus Banríon na nGael uirthi i measc Chríostaithe na hÉireann. Ach is sine Bríd ná an Chríostaíocht féin. Go traidisúnta ar an lá déantar na crosóga Bhríde agus loisctar na cinn a rinneadh anuraidh. Creidtear go gcoimeádann na crosóga muintir an tí slán ó thine. Chomh maith leis sin bhí sé de nós ag páistí dul ó theach go teach ag casadh ceoil agus ag lórg airgid.
Ceisteanna buntuisceana
- Cathain a bhíonn Lá Fhéile Bríde?
- Cén meascán de thraidisiúin is ea é Lá Féile Bríde?
- Cérbh í Bríd?
- Cén tréithe a bhain léi?
- Cén tionchar atá ag an bhféile ar Éirinn sa lá atá inniu ann?
- Luaigh trí rud a dhéantar go traidisiúnta ar an lá.
- Conas a bheidh tusa ag ceiliúradh na féile?