Beidh Laochra Gael, an tsraith cháiliúil faisnéise de chuid TG4 agus NemetonTV, ar ais ar an scáileán an mhí seo chugainn agus cuirfear an 24ú sraith den chlár i láthair, le hochtar laochra nua ó shaol CLG, na camógaíochta agus pheil na mban á dtabhairt chun solais.
Is ocht gclár úrnua a bheidh sa tsraith, agus tabharfar léargas pearsanta macánta ar shaol na n-imreoirí, ní hamháin ar a gcuid éachtaí ar an bpáirc imeartha, ach ar an tionchar a bhí ag an spórt ar a saol pearsanta, ar a gcaidrimh, ar a sláinte agus ar a bhféiniúlacht féin.
Den chéad uair riamh i stair na sraithe beidh deis ag lucht féachana an chéad chlár eile sa tsraith a fheiceáil ar Sheinnteoir TG4 sula gcraolfar ar an teilifís é, céim shuntasach eile i dtreo straitéis ilardáin TG4.