Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie

Dé hAoine an 23 Eanáir

Seoladh oifigiúil Scoil Gheimhridh Joe Steve
7.30 pm
Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Sailearna
Seolfaidh Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly an fhéile.
Beidh bronnadh duaiseanna an chomórtais litríochta scoileanna ann, agus beidh mír amhránaíochta faoi stiúir Shíle Denvir.
Saor in aisce
Ticéid ar Eventbrite
Arna eagrú ag Comharchumann Shailearna Teo

Gligíní na nDéise
10 go 11.30 am gach Aoine
Ionad Pobail na Rínne
Áisitheoirí Siobhán Ní Chonaill agus Doireann Nic Mhurchadha
Eolas 085-2198739 nó 087-7219721
Clarú rebecca@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Dé Sathairn an 24 Eanáir

Ceardlanna puipeadóireachta don óige
Le Cillian Ó Donnchadha agus Gráinne Bleasdale
1 go 2 pm, aoisghrúpa 5 go 8 mbliana d’aois
2.30 go 4 pm, aoisghrúpa 9 go 12 bliana d’aois
Scoil Náisiúnta Shailearna, H91 PW35
Saor in aisce
Ticéid ar Eventbrite
Mar chuid de Scoil Gheimhridh Joe Steve

Siúlóid go gach leibhéal
Teacht le chéile i bPáirc na Mílaoise. Bi lasmuigh de dhoirse Draíocht.
Sos i gCafé in Draíocht tar éis na siúlóide
Eolais Caitlín agus John, 087 2509764
Arna eagrú ag Pobal Gaeilge Cúig Deag

Caitheamh saighead do dhéagóirí meánscoile
Cúrsa 6 seachtaine
Ag tosú Dé Sathairn an 24 Eanair ó mheán lae go 2 pm
Ionad Splanc, an Cheathrú Rua
Spásanna teoranta, is gá clárú
Clárú erin@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Siamsán Tithe na nÉan
2 pm
I mBearna
Aois bhunscoile
Spásanna teoranta
Clarú snicheide@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Níor Mhaith Linn do Thrioblóid
le Joe Steve Ó Neachtain
8 pm
Amharclann Chois Fharraige
Insíonn an dráma seo scéal faoin tslí a mbíonn tionchar ag an mbás ar dhaoine mar aon leis an trioblóid a chothaíonn caidrimh chlainne agus chomharsann nuair a bhailíonn gach duine ó chian agus ó chongar don tsochraid.
Léirithe ag Eoghan Ó Riada.
Cead isteach €15
Ticéid ar Eventbrite
Mar chuid de Scoil Gheimhridh Joe Steve

Dé Domhnaigh an 25 Eanair

Glanadh Trá trí Ghaeilge
9 am
Dumhach Thrá
Cabhraigh linn ár gcladach a chosaint agus ár dteanga a chleachtach!
Piocadh bruscar agus glanadh trá trí Ghaeilge. Tar éis an ghlanadh, tae, brioscaí agus ciorcal comhrá ar an trá.
Fáilte roimh chách, líofa nó le cúpla focal!
Eolas agus clarú ar link.tree
Arna eagrú ag Craobh na Coille, Conradh na Gaeilge

Maidin chaife ar mhaithe leis an RNLI
Meán lae go 2.30 pm
Caifé na Feamainne, Comhar Chuigéal, Leitir Mealláin, H91 CH7X
Raifil ar an lá
Arna eagrú ag Grúpa Cuilteála Leitir Mealláin agus Comhar Chuigéal

Níor Mhaith Linn do Thrioblóid
le Joe Steve Ó Neachtain
8 pm (féach ar Dé Sathairn le haghaidh sonraí)

Dé Máirt an 27 Eanáir

Seisiún eolais faoi Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht
Ar líne ó 7 pm
Tuilleadh eolais https://ealain.ie/

Rannta le chéile, Dún Garbháin
10.30 am gach Máirt
Leabharlann Dhún Garbháin
Eolas marcas@glornangael.ie
Arna eagrú ag Teanga Tí le Dún Garbháin le Gaeilge

Seanchas na hEachléime
4 go 5.30 pm
Solas, Eachléim
Eolas ó eimear@gaeiliorrais.ie nó 085-2503321

Dé Céadaoin an 28 Eanáir

Seisiún eolais faoi Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht
Ar líne ó 10 am
Tuilleadh eolais https://ealain.ie/

Amhránaíocht trí Ghaeilge
6 go 7 pm gach Céadaoin
Ionad Ealaíon na Sruthaile, an Ómaigh
Eolas Aoife Ní Luachráin 073-98151187 nó oifigeachpaai@gmail.com
Arna eagrú ag Pobal ar a’n Iúl

Ciorcal comhrá
8 go 9 pm
Seomra teaghlaigh, Áras Pobail Ráth Chairn
Fáilte roimh fhoghlaimeoirí ag an meánleibhéal agus ag an ardleibhéal
Saor in aisce
Arna eagrú ag Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí


Ceiliúradh Ghaeilge Iorrais 2026

An 23 go dtí an 25 Eanáir, Eachléim agus Dumha Thuama

De hAoine an 23 Eanáir

Foscailt oifigiúil agus seisiún na n-óg, Áras Inis Gluaire, 7 go 9.30 pm
Beidh ócáid mhór againn in Áras Inis Gluaire leis an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, nuair a sheolfar Ceiliúradh Ghaeilge Iorrais 2026
Seisiún na n-óg le ceoltóirí Chraobh Iorrais díreach ina éis!
Ceol, amhránaíocht agus comhluadar Gaeilge

Dé Sathairn an 24 Eanair

Cóisir Chlub Uisce, aois 8 go 16 d’aois, 9.30 am go 1.30 pm
Spórt, spraoi agus céilí craicéalilte do dhaoine óga i gColáiste Uisce

Seisiún scéalaíochta i dTuras Siar, 11 am go meán lae
Faoi stiúir Pádraig S Uí Mhurchú, staraí le Turas Siar, agus Dhoireann Nic an tSaoi, Cathaoirleach ar choiste cultúrtha Thuras Siar
Scéalaíocht, comhrá agus comhluadar Gaeilge

Léacht, Logainmneacha Mhaigh Eo, 2.30 go 4.30 pm i Solas
Faoi stiúir Uinsíonn Mhic Graith, údar Logainmneacha & Oidhreacht Dhún Chaocháin, agus Threasa Ní Ghearraigh, bainisteoir Chomhar Dhún Chaocháin agus údar Logainmneacha & Oidhreacht Dhún Chaocháin
Oidhreacht, stair, seanchas agus plé

Soirée na nGael, daoine fásta, Trá Bhuí ó 8 pm
Oíche airneáin, seisiún ceoil agus céilí craiceáilte

Dé Domhnaigh an 25 Eanáir i gCeathrú Thaidhg
(i) Fáilte agus pléphainéal ‘Plean Teanga Ghaeilge Iorrais: súil siar agus súil chun cinn’

& seanchas na háite, 11.30 am go 2 pm

Seanchas & pléphainéal cainteoirí ar chúrsaí Gaeilge in Iorras

(ii) Cóisir na féile do pháistí, meán lae go 2 pm, ióga, ealaín, spraoi agus sólaistí. Comhthionscnamh idir Gaeilge Iorrais agus Tuismitheoirí na Gaeltachta

(iii) Seisiún ceoil & slán abhaile ón 2 pm

Breis eolais ó eimear@gaeilgeiorrais.ie nó 085 250 3321 / 097 29023


Tionól Chorcaí 2026

Dé hAoine an 23 agus Dé Sathairn 24 Eanáir
An Saibhreas in Amhráin agus i gCaint na nDaoine i gContae Chorcaí
Óstán Old Imperial, 27 an Phríomhshráid Thuaidh, Eochaill

Dé hAoine an 23 Eanáir

7.30 pm Teacht le chéile
7.45 pm Oscailt le Julie Ní Threasaigh, cathaoirleach Chraobh Eochaille, Conradh na Gaeilge
8 go 9 pm Léacht, Amhráin agus ceol Oirthear Chorcaí, le Mícheál Ó Cuimín
9.30 pm Ceol traidisiúnta i mbeár an óstáin le páirtíocht fhuinniúil ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann na hEochaille

Dé Sathairn 24/01

10.30 go 11 am Tae agus caife
11.15 am Omós gairid i gcuimhne ar Éamonn Ó Mathúna
11.30 go 12.30 pm Léacht (2) An Dúchas agus Amhránaíocht Mhuscraí le Cormac Ó hAodha
12.30 go 2 pm Briseadh lóin
2 go 3 pm Léacht (3) Uí Mhic Coille – Caint na nDaoine le Fionn Mac Giolla Chuda
3.15 Scor

Lóistín
Beidh lóistín teoranta ar fáil san óstán, ach beidh fáil ar a leithéid chomh maith gar don óstán Roseville (087) 294 7178 rosevilleyoughal@gmail..com

Amhráin agus ceol Oirthear Chorcaí
Léiriú ar shaibhreas dúchasach an cheantair

Mícheál Ó Cuimín
Rugadh Mícheál Ó Cuimín i gCarraig Thuathail, áit a bhfuil sé ina chónaí fós lena bhean, Áine. Ailtire is ea é atá ag obair i Mainistir na Corann. Tá baint aige le Gaeilge Bheo a eagraíonn cóisir an tsamhraidh i dTeach Fota agus a chuir an dlúthdhiosca Pósadh an Phaoraigh ar fáil.

An Dúchas agus Amhránaíocht Mhúscraí
Beidh léiriú sa chaint ar thraidisiún amhránaíochta Mhúscraí ar den traidisiún san an cainteoir. Beidh trácht ar amhránaithe agus tabharfar cuntas ar shaol na n-amhránaithe agus na gcumadóirí is mó tásc agus tionchar i Múscraí le breis agus céad bliain anuas.

Cormac Ó hAodha
As Cúil Aodha ó dhúchas do Chormac Ó hAodha. Is Iarchéimí i Roinn an Léinn Dúchais, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh é. Tá a thráchtas bunaithe ar shaothair le Proinsias Ó Ceallaigh, bailitheoir béaloideasa leis an gCoimisiún Béaloideasa i Múscraí sna 1930í. Faoi láthair tá sé ag críochnú tráchtas dochtúireachta ar thraidisiún amhránaíochta Mhúscraí.

Uí Mhic Coille – Caint na nDaoine
Cuntas agus léiriú taifeadta ón gceantar dúchasach seo, ar a phobal agus an áille cois fharraige atá ina ábhar mórtais againn chomh maith.

Fionn Mac Giolla Chuda
Is ó Ghaeltacht na nDéise Fionn Mac Giolla Chuda agus bíonn sé ag obair ag déanamh cláracha teilifíse do TG4 agus do chainéil eile. Is ceoltóir é agus tá suim aige in amhránaíocht ar an seana-nós.

Cuireann Fionn spéis i dtaifeadtaí fuaime agus fise de chainteoirí dúchais i bPort Láirge, Tiobraid Árann, Cill Chainnigh agus oirthear Chorcaí.

Aonach Leabhar ar fáil le linn an tionóil agus é á riaradh ag Liam Suipéil, iarbhainisteoir Choláiste na Rinne

Beidh táille €5 sa ló ar na himeachtaí

Arna eagrú ag Coiste Contae Chorcaí de Chonradh na Gaeilge i bpáirt le Craobh Eochaille

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.