Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie

Dé hAoine an 9 Eanáir

Nollaig na mBan
Ceol Beo
Tapas agus manglam amháin
7.30 pm
Merry’s Gastro Pub, Dún Garbhán
€25 an duine
Arna eagrú ag Dún Garbhán le Gaeilge

Dé Sathairn an 10 Eanáir

Lá oscailte Ghaelscoil na Mí
Cláragh anois: www.gaelscoilnami.ie nó 01-8353480

Lá oscailte Ghaelcholáiste Dhoire
10.30 am go 2 pm
Cuireadh do dhaltaí Rang 6/7 teacht chun na scoile lena dtuismitheoirí chun na háiseanna atá againn a fheiceáil agus le bualadh le foireann na scoile.

Siúlóid go gach leibhéal
Teacht le chéile ar an droichead in aice le stáisiún traenach Chaisleán Cnucha i dtreo Bhaile Pheiléid
Sós i gCafé Marmalade sula bhfillimid ar ais
Eolas ag Caitlín agus John, 087 2509764
Arna eagrú ag Pobal Gaeilge Cúig Déag

Dé Domhnaigh an 11 Eanáir

Siúlóid sléibhe, Tigh an Chnoic
Tosófar an tsiúlóid seo ag 10 am
Siúlóid sléibhe meánach, an carrchlós is airde istigh i gCoill Thigh an Chnoic.
Fad 10 km, dreapadh >300 m, 3.5 uair an chloig ag siúl.
Áit chruinnithe Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL, Halla Clifton, Éircód D02 XP89
Imeoimid ag 9.15 am go cruinn. 
Nó: Tús na siúlóide, an carrchlós i gCoill Thigh an Chnoic ag an bpointe is airde ar an mbóthar aon treo.
Tagairt eangaí O 171 240 nó  N53.2536, W6.2471.
Bí ann ag 9.45 am le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10 am.
Treoraí Tadhg
Nóta, má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn ag cnocadoiri@yahoo.com.
Treoracha go dtí tús na siúlóide, ón M50 tóg an bealach amach ag Acomhal 13 d’Áth an Ghainimh agus Dún Droma. Ansin Bóthar Ghort an Bhreithimh (R133), Bóthar na Gráinsí (R822), Bóthar Bhaile Uí Cheallaigh, Bóthar Thigh an Chnoic, Carrchlós Thigh an Chnoic.
Trealamh agus feisteas riachtanach
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat.
Nóta, mura bhfuil tú i do bhall de na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost le d’ainm agus d’uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (neasghaol mar shampla) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála.
Arna eagrú ag na Cnocadóirí

Dé Luain an 12 Eanáir

Traenáil d’oifigigh ainmhithe
10 am go 3.30 pm
Ar líne
Beidh an cúrsa oscailte anois do chleachtóirí, coistí agus gobharnóirí a rinne cúrsa mar seo cheana nó do dhaoine ar mhian leo freastal ar chúrsa d’oifigeach ainmnithe den chéad uair.
Cláraigh: https://www.eventbrite.ie/e/traenail-doifigigh-ainmnithe-designated-officer-training-tickets-1975103539856
Arna eagrú ag Altram

Damhsa ar an tSean-Nós le Tura Arutura
Cúrsa 6 seachtaine de cheardlanna
11 am
Áras Mhic Reachtain
£5 an cheardlann ó https://rebrand.ly/bbtaxcd
Eolas ag daithi@mhicreachtan.com

Dé Máirt an 13 Eanáir

Rang amhránaíochta ar an sean-nós le hEithne Ní Chatháin
Cúrsa 11 seachtain
6 go 7.15 pm
An Cobblestone, Baile Átha Cliath
Cláraigh le eithnenichathain@yahoo.com
Irishsinging.com le haghaidh tuilleadh eolais

Ciorcal cainte
10.30 go 11.30 am
Ionad Tréadach Dhomhnach Seachnaill
Eolas ó Maria, 086 3306311
Fáilte roimh chách

Dé Céadaoin an 14 Eanáir

Ranganna Gaeilge do thuistí, gach leibhéal
7 go 8 pm
Costas €40
Gaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán K78 RK40
Eolas ó Chaitríona 0863911960
Arna eagrú ag na Gaeil Óga CLG

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.