IMBOLC 2026 – 10 mbliana de cheol beo, damhsa agus pobal

An fhéile i nDoire a chuireann beocht i dtús an earraigh.

Toisíonn fuinneamh, teas agus athnuachan an earraigh ag Féile Cheoil Idirnáisiúnta IMBOLC le clár tumthach a mhaireann ón 1 go dtí an 7 Feabhra 2026 san ionad lárchathrach Cultúrlann Uí Chatháin. Tá sí ag dul ó neart go neart le naoi mbliana anuas, agus tá meascán rathúil anseo is fiú a fhiosrú. Cibé acu atá spéis agat sa cheol thraidisiúnta nó sa cheol chomhaimseartha, i seisiúin, ceardlanna nó fiú gigeanna hip hap Gaeilge go domhain san oíche, léigh leat go bhfaighigh tú amach cad é atá ar fáil.

Le linn na seachtaine tá corradh is 30 imeacht ann, bunaithe timpeall ar shraith de cheolchoirmeacha gach oíche. Gan ach cuid acu a ainmniú, tá Brian Finnegan agus The Hunger of The Skin Band (ceol traidisiúnta comhaimseartha ardfhuinnimh), comhoibriú speisialta idir The Henry Girls agus Gazelleband (díséad Palaistíneach ina bhfuil an seinnteoir ceannródaíoch úide, Reem Anbar), agus Daughters of Ceithleann (ceoldráma nua ceoil thraidisiúnta faoi cheannas ban bunaithe ar bhéaloideas Inis Ceithleann, ar siúl ar Lá Fhéile Bríde). Cuireann an fhéile béim chomh maith ar rannpháirtíocht, lena bhfor-rochtain Ceoil Thraidisiúnta Uile-Rochtana ar siúl in ionaid cheoil áitiúla, ceardlanna uirlise faoi stiúir seinnteoirí den chéad scoith, agus ar ndóigh tá lear mór seisiún ann. Ó na tithe tábhairne thart timpeall go dtí caifé an ionaid féin, tá fáilte agus fiche romhat a bheith páirteach fá choinne fonn nó dhó!

Is taisce é an clár chomh maith do Ghaeilgeoirí agus an mhuintir atá ag iarraidh a gcúpla focal a fhoghlaim agus a chleachtadh, le níos mó ná leath de na ceoltóirí cur i láthair i nGaeilge. Ina measc seo tá céilí mór dátheangach le deireadh a chur leis an fhéile, dánta Seamus Heaney aistrithe go Gaeilge le ceol cumaisc Gréagach agus traidisiúnta Gaelach Hellas Ensemble ag déanamh tionlacain, agus seó fóirsteanach do theaghlaigh faoi stiúr Ghráinne Holland.

Roinn Jack Mac Íomhair, stiúrthóir na Cultúrlainne, “Mar a bhíonn de ghnáth, tá féile ionchuimsitheach agus traidisiúnta againn i mbliana. Tá ár gclár lán de léirithe, ceardlanna, seisiúin agus imeachtaí pobail a léiríonn fairsinge agus cruthaitheacht ealaíontóirí ildánacha. Tá muid buíoch go deo go bhfuil siad sásta a bpaisean agus a gcruthaitheacht a roinnt linn. 

Ba mhaith linn buíochas ollmhór a ghabháil dár maoinitheoirí, urraitheoirí, agus comhpháirtithe, ach go háirithe, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, le tacaíocht ó Chistí an Chrannchuir Náisiúnta, agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin. Bíonn a dtacaíocht bhuan ríthábhachtach chun beocht a chur i bhFéile IMBOLC.

Bíonn an pobal i gcónaí i gcroílár Fhéile IMBOLC. Bíonn foireann thiomnaithe ealaíne, le tacaíocht ó shaorálaithe agus lucht tacaíochta, a oibríonn ar feadh na bliana taobh thiar den fhéile agus cuireann siad clár eisceachtúil ceoil agus cultúir ar fáil. De bharr na hoibre seo, bíonn rath ar an fhéile gach bliain — go raibh maith agaibh as bhur gcuid ama, tiomantais agus paisin.

Daoibhse uilig a fhreastalaíonn, a bhíonn páirteach agus a dhéanann ceiliúradh linn ar IMBOLC, coinníonn bhur ndíograis muid spreagtha. Mar gheall oraibh is féidir linn an fhéile iontach seo a reáchtáil agus a fhás. Go raibh maith agaibh as bheith linn le linn aistear Fhéile IMBOLC. Guímid rath ar bhliain bhríomhar dhodhearmadta eile de cheol agus de chomhluadar, agus tá muid ag dúil go mór leis an chéad 10 mbliana eile.

Tá cuid mhór ar fáil ag IMBOLC 2026. Bí linn.

Bí páirteach, bí corraithe, tabhair dúshlán, ach níos tábhachtaí ná aon rud eile, bain sult!”

Níl anseo ach léargas beag ar Fhéile Cheoil Idirnáisiúnta IMOBLC 2026. Le tuilleadh eolais a fháil faoi thicéid agus an liosta iomlán téigh chuig an suíomh gréasáin anseo:

http://www.imbolcfestival.com

Thig leat coinneáil ar an eolas tríd an fhéile a leanstan ar na meáin shóisialta ag @imbolcfest ar Instagram agus Facebook.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.