Iarracht eile ar athrú réimis san Iaráin

Cathal Ó Murchú 

Leis na hagóidí agus círéibeacha marfacha ar siúl i gcoinne rialtas na hIaráine sa tír sin i láthair na huaire, tá meáin an Iarthair, beagnach in n-iomláine agus d’aonghuth, ag tuairisciú go bhfuil an rialtas ansin ar tí titim. Thosaigh na hagóidí breis agis coicís ó shin ag deireadh mhí na Nollag nuair a rinne lucht gnó i gcathracha áirithe agóid i gcoinne an rialtais mar gheall ar dhíluacháil shuntasach airgeadra na tíre agus an drochthionchar aige sin ar an ngeilleagar. Thapaigh lucht freasúra agus a dtacaitheoirí agus urraitheoirí sna Stáit Aontaithe agus in Iosrael an deis le hiarracht eile ar athrú réimis, murach gurbh iad féin údar na n-agóidí sa chéad dul síos. Ag an am céanna ghríosaigh Reza Pahlavi, mac an Iar-Shah a cuireadh as a ríocht le linn Réabhloid na hIaráine in 1979, na hagóideoirí Rialtas Ioslamach na hIaráine a chur as cumhacht.

Go luath i mí Eanáir d’éirigh na hagóidí i bhfad níos foréigní nuair a scaoil cuid den lucht agóide urchar ar na póilíní agus ar lucht tacaíochta an stáit. Bhagair Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump dá n-úsáidfeadh Poblacht Ioslamach na hIaráine aon fhoréigean i gcoinne lucht na n-agóidí go n-íocfaidís go daor as, fianaise thar a bheith suntasach gur iarracht eile ar athrú réimis atá i ann ó impireacht an Iarthair. Ba chuireadh é seo i ndáiríre don fhreasúra san Iaráin rialtas agus réimeas na tíre a chur as cumhacht agus mhéadaigh an foréigean dá bharr. Ag an bpointe seo tuairiscítear go bhfuil suas go 700 maraithe, céad acu ina mbaill d’fhórsaí slándála an stáit.

Dhún údaráis na tíre an t-idirlíon síos agus chuir siad bac le comharthaí satailíte Starlink de chuid Elon Musk thart ar sheachtain ó shin chun bac a chur ar chumarsáid na ngníomhairí frithrialtais, agus tá an cuma ar an scéal anois go bhfuil na hagóidí seo ag maolú dá bharr.

Ina ainneoin seo, ghríosaigh an tUachtarán Trump na hagóideoirí leanúint ar aghaidh nuair a dúirt sé ar a ardán meán sóisialta Truth Social, “A thírghráthóirí na hIaráine, leanaigí ar aghaidh ag agóidíocht, glacaigí seilbh ar bhur n-institiúidí!!! Tá cúnamh ag teacht chugaibh.”

Is admháil lom agus bhorb é seo, mar is dual dó a dhéanamh, go dteastaíonn uaidh réimeas na hIaráine a athrú, agus is minic a leanann cogadh nó ionsaí na cineálacha seo círéibeacha atá á ngríosú ón taobh amuigh san Iarthar. Ní hé seo an chéad uair a rinneadh iarracht ar athrú réimis. Bhí iarrachtaí eile ann ceithre bliana ó shin agus i mí an Mheithimh seo caite. Ach tá bagairt mhór chogaidh ann an uair seo thar a bheith tromchúiseach. Tagann an bhagairt sna sálaí ar an gcogadh dhá lá dhéag i mí an Mheithimh seo caite, cogadh inar bhuail na hIaránaigh stát Iosrael go dona le diúracáin hípearsónacha.

Le roinnt mhaith seachtainí anois tá cuid mhaith tráchtairí ar nós Glenn Diesen (ollamh ón Iorua), Scott Ritter (iarchigire uirlisí troda na Náisiún Aontaithe), Douglas Macgregor (iarchoirnéal in arm na Stát Aontaithe), Larry Johnson (iarghníomhaire de chuid an CIA), Ray McGovern (iar-anailísí de chuid an CIA), John Mearsheimer (eolaí polaitíochta ó SAM), Jeffrey Sachs (eacnamaí agus ollamh ó CUNY), George Galloway (iarpholaiteoirí agus iriseoir neamhspleách) ag tuar go bhfuil cogadh mór ar na bacáin idir an Iaráin agus a ndeargnaimhde Meiriceánacha agus Iosraelacha, cogadh a d’fhéadfadh a bheith ollmhór agus ollscriosach.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.