Cé gur shínigh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, conradh Mercosur i bParagua an tseachtain seo caite, tá feirmeoirí ar fud na hEorpa fós i mbun feachtas i gcoinne an chonartha agus ag súil gur féidir leo stop a chur leis trí vóta sa Pharlaimint Eorpach.
Vótáil an pharlaimint ar son an conradh a chur faoi bhráid na gcúirteanna lena thástáil an gcomhlíonann sé dualgais an Aontais Eorpaigh maidir leis an timpeallacht agus le cúrsaí sláinte.
D’fhéadfadh sé go leanfaidh an cás cúirte ar feadh dhá bhliain sula mbeidh iachall ar an bparlaimint vótáil arís.
Buille tábhachtach don chonradh is ea an vótáil seo, ach tá an pharlaimint fós scoilte faoin scéal.
I gcás na hÉireann, vótálfaidh an móramh i gcoinne an chonartha féin nuair a thiocfaidh sé ar ais. Ar an eite chlé beidh an bheirt ó Shinn Féin agus Ming Flanagan ina aghaidh, mar aon le triúr as Fianna Fáil, agus beirt as Fine Gael. Leis sin tá Ciarán Mullooly ó Éire Neamhspleách, agus Michael McNamara, neamhspleách.
Beidh Barry Andrews, Fianna Fáil, agus Regina Doherty, Fine Gael, ag vótáil ar a shon, ach níl a fhios go fóill cén chaoi a vótálfaidh Seán Kelly. Nil sé cinnte ach an oiread cén chaoi a vótálfaidh Aodhan Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre.
Is é sin le rá, as na ceithre dhuine dhéag atá ag Éirinn beidh deichniúr ina choinne, beirt ar a shon, agus tá beirt eile ar an gclaí faoi láthair.
Bhí feachtas láidir ar siúl in Éirinn féin in choinne ar ndóigh, cé go bhfuil an dream a sheasann i gcónaí leis an gCoimisiún ag moladh an chonartha mar fhreagra ar an mbagairt trádála ó Donald Trump.
Is é an rud is íorónta faoin scéal ámh ná nach bhfuil focal crosta ag Éirinn ar an gconradh seo mar gheall na hathruithe a tugadh isteach in 2008 le Conradh Liospóin. Faoin gconradh sin níl aon inniúlacht roinnte ann a thuilleadh idir an Coimisiún agus na ballstáit. Tagann an trádáil go léir faoi inniúlacht an Aontais Eorpaigh agus is é an tAontas a dhaingneoidh na comhaontuithe. Ní bheidh gá ann a thuilleadh go ndaingneoidh parlaimintí náisiúnta comhaontuithe.
In 2008 thug Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) a dtacaíocht don rialtas agus don lucht gnó agus thug siad faoi fheachtas gníomhach ar son Chonradh Liospóin. Is é a dúirt siad, “Beimid le feiceáil ag tacú leis an vóta ‘Tá’ toisc go bhfuil níos mó le cailleadh againn ná aon earnáil eile mura bhfaighimid vóta ‘Tá’ ar Liospóin”.
Anois go bhfuil leasanna na bhfeirmeoirí móra, go háirithe, i mbaol, tá imní ar na ceannairí faoi dhaonlathas agus faoin easnamh dhaonlathach!
Ach toisc gur ghlacamar le Conradh Liospóin, le spreagadh ón IFA idir eile, chaill Éire a ceart comhaontuithe trádála AE a chur ar ceal. Tá an IFA anois ag éileamh vóta i bparlaimintí náisiúnta ar an gcomhaontú, tar éis dóibh feachtas gníomhach a dhéanamh chun deireadh a chur leis an ngá le vótáil den chineál sin.