Gaeilge, cumhacht agus díospóireacht: Gaelcholáiste Luimnigh i mbun ceiliúrtha

Cóilín Duffy

Bhí oíche mhór cheiliúrtha agus Ghaeilge le brath in Óstán Athlone Springs, Baile Átha Luain, Dé Céadaoin an 21 Eanáir, nuair a reáchtáladh Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Ghael Linn 2026, an 65ú bliain den chomórtas mór le rá seo.

Sa chomórtas sinsir ba é Gaelcholáiste Luimnigh a tháinig chun cinn mar bhuaiteoirí den chéad uair riamh ina stair, agus iad ar an tríú scoil taobh amuigh den Ghaeltacht a bhain an díospóireacht seo. Roimhe seo, ní rug ach Gaelcholáiste na Mara, an tInbhear Mór, agus Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath, an chraobh leo lasmuigh den Ghaeltacht.

Ba iad Ava Ryan, Lía O’Donoghue agus Neasa Ní Ifearnáin a bhí ar fhoireann Ghaelcholáiste Luimnigh, faoi stiúir an mhúinteora John de Buitléir. Chuir an triúr díospóireacht shoiléir, láidir agus mheáite i láthair, agus léirigh siad scileanna den scoth sa réasúnaíocht agus sa chur i láthair.

Sa chomórtas sóisir ba é Coláiste Chroí Mhuire, an Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rug an bua, tar éis feidhmíocht an-láidir a chur i láthair. Bhí Diarmaid Mac Réamoinn, Cuán Canny agus Clíodhna Ní Neachtain ar an bhfoireann, faoi threoir Bhróna Ní Uallacháin.

I measc na scoileanna eile a ghlac páirt i gCraobh na hÉireann i mbliana bhí Scoil Mhuire, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí; Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe; Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath; Gaelcholáiste Phort Láirge, Baile Gunnair; Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman; agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall. Léirigh gach ceann acu caighdeán ard díospóireachta agus tiomantas soiléir don Ghaeilge. Bhí 40 scoil san iomlán páirteach ó thosaigh an cómortas i mí Dheireadh Fomhár.

Bhí Cormac Ó Dúlacháin, abhcóide sinsearach agus cathaoirleach Chumann Barra na Gaeilge, mar aoichainteoir agus mar aoichathaoirleach ar an ócáid, agus labhair sé faoi thábhacht na Gaeilge, na smaointeoireachta criticiúla agus na díospóireachta i saol poiblí na tíre.

Ba iad Eileen McEvilly, múinteoir i gColáiste Átha Luain, Féilim Mac Donncha, iarmhúinteoir, Liam Mac a’ Mhaoir agus Áine Hensey, iarchathaoirleach Ghael Linn, ó RTÉ Raidió na Gaeltachta , agus Fergus Ó Conghaile, Príomhoide Ghaelscoil an Chuillinn, a bhí mar mholtóirí ar an gcomórtas. Mhol siad go mór caighdeán na ndíospóireachtaí agus leibhéal ard ullmhúcháin na bhfoirne.

Dúirt na moltóirí gur léir go raibh muinín, cumas teanga agus tuiscint dhomhain ar na hábhair le sonrú i measc na rannpháirtithe, agus gur comhartha láidir é sin ar neart na Gaeilge i measc an aosa óig.

Léirigh Craobh na hÉireann 2026, arís eile, go bhfuil Comórtas Uí Chadhain fós ar cheann de na hardáin is tábhachtaí sa tír do dhaltaí chun a scileanna cainte, a muinín agus a gcumas smaointeoireachta a fhorbairt trí mheán na Gaeilge, agus chun an teanga a neartú don todhchaí.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.