Forbairt agus feabhsú na Gaeilge i seirbhísí poiblí

Jenna Goulding

Foilsíodh athbhreithniú neamhspleách ar na chéad deich bplean teanga a forbraíodh faoin Acht Gaeltachta 2012 Dé Luain. Is cloch mhíle é i bpróiseas pleanála teanga an Stáit. D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an t-athbhreithniú. Rinne Barr Feabhais Teoranta an t-athbhreithniú i ndiaidh taighde fairsing agus comhairliúcháin le heagraíochtaí ceannais pleanála teanga agus le páirtithe leasmhara eile sa phobal Gaeilge.

Ba é tátal na tuarascála go bhfuil ag éirí leis an bpróiseas san iomlán cé go n-aithnítear roinnt dúshláin leanúnacha. Cuirtear sraith moltaí ar fáil chun cur i bhfeidhm na bpleananna a neartú agus an dara timthriall pleanála teanga ag teannadh linn. Tá tús curtha le cur i bhfeidhm go leor de na moltaí sin trí infheistíocht mhéadaithe agus tionscnaimh bheartais. Foilsíodh an t-athbhreithniú i dteannta fhreagra na roinne agus roimh sheoladh plean gníomhaíochta nua do sheirbhísí poiblí Gaeilge.

Chuir an tAire Calleary fáilte roimh fhoilsiú an athbhreithnithe seo. Dúirt sé go mbeidh €3 milliún breise á infheistiú i mbliana tar éis an ardaithe is mó riamh d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2026. Cuirfear borradh faoin bpróiseas agus tacóidh sé leis an dara timthriall in éineacht leis an bplean gníomhaíochta.

D’fhoilsigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028, ag cur chun cinn spriocanna an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030. Leagann an plean amach céimeanna praiticiúla agus uaillmhianacha chun soláthar seirbhísí poiblí dátheangacha a fheabhsú go háirithe i gceantair Ghaeltachta. Féadfaidh an plean a bhaint amach trí thionscnaimh ar nós forbairt acmhainne, scileanna, feasachta agus réitigh theicneolaíochta. Tá sé mar aidhm ag an bplean go mbeidh 20% d’earcaigh sa tseirbhís phoiblí inniúil i nGaeilge faoi 2030. Tá an plean dírithe ar chúig phríomhthéama straitéiseacha. 

An chéad téama is ea Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúir Reatha. Áirítear sa téama seo infheidhmeacht maidir le lárionaid seirbhíse, aonaid phoiblí Ghaeilge a athlonnú go dtí an Ghaeltacht agus Seirbhís Aistriúcháin Comhroinnte a bhunú. Tá sé mar aidhm freisin tacaíocht a thabhairt do na hoifigigh teangacha oifigiúla trí oiliúint, acmhainní, ciste nuálaíochta, córas dámhachtainí, líonra tiomnaithe, nuachtlitreacha agus seimineáir rialta chun cur i bhfeidhm an achta a héascú.

Is é an dara téama Soláthar Seirbhísí Poiblí trí Ghaeilge. Is é aidhm an téama seo go mbeadh na seirbhísí trí Ghaeilge ar chomhchéim leis na seirbhísí trí Bhéarla trí thacaíochtaí a fhorbairt. Áirítear Gaeilge365 a leathnú ar fud na tíre agus seirbhísí íogaire dátheangacha a chur ar fáil. Feabhsófar córas seoltaí Gaeilge agus córas aitheantais do bhaill foirne. Ardófar feasacht faoi chearta teanga agus dualgais, agus éascófar aiseolas poiblí. 

Is é an tríú téama An Teicneolaíocht. Díríonn sé seo ar an nGaeilge a chomhtháthú san intleacht shaorga (IS) agus scoláireachtaí SA a chur ar fáil, chomh maith le deis a thabhairt do shaoránaigh a rogha teanga a chlárú. Soláthrófar uirlisí agus comhéadan Gaeilge, cruthófar físeáin oideachasúla agus bunófar grúpa teicniúil chun dea-chleachtais a chur i bhfeidhm.

Is é an cheathrú téama Oiliúint, Earcaíocht agus Inniúlacht Teanga. Tá sé mar aidhm an téama seo oiliúint a chur ar fáil d’fhostaithe, lena n-áirítear cóitseálaithe teanga agus cúrsaí comhréire CEFR. Díreofar earcaíocht ar lucht labhartha Gaeilge, go háirithe i gceantair Ghaeltachta, le fógraíocht dhátheangach, feachtais feasachta, féilte gairme agus uirlisí chun scileanna teanga a mheas agus a fhorbairt.

Is é an cúigiú téama Bailiú Sonraí. Cuirfidh comhlachtaí poiblí ceisteanna faoi inniúlacht agus suim sa Ghaeilge agus cúrsaí ar fhoirmeacha earcaíochta agus tuairiscí bliantúla ar líon na bhfostaithe agus a n-inniúlacht Ghaeilge. Úsáidfear teimpléid agus sonraí eile chun tuairisciú bunaithe ar fhianaise a chothú faoin bplean náisiúnta, plean gníomhaíochta agus an t-acht.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.