Cuirfear fáilte sa chlár Féile na mBan – Brigid Beo, clár siamsaíochta a chraolfar Dé Luain na saoire bainc ar an 2 Feabhra ar TG4, roimh thús an earraigh.
Go Bun Dobhráin, ar chósta an Atlantaigh, a bheidh ár dtriail, áit a mbeifear i mbun ceiliúrtha ar feadh an deireadh seachtaine ag Féile na mBan.
Is í Póilín Nic Géidigh a chuirfidh an clár i láthair agus beidh sise ag freastal ar imeachtaí uile na féile ó thaispeántais ealaíne go ceardlanna. Tabharfaidh sí faoin fharraige le mná eile agus casfaidh sí fosta le Olwen Pendred a dhéanfaidh cur síos di ar dheasghnátha na féile.
Beidh scoth na gceoltóirí agus na dtaibhealaíontóirí ag casadh ag an fhéile, ina measc Mairéad Ní Mhaonaigh, Niamh Regan, Ríoghnach Connolly, Wallis Bird, The Henry Girls, Maeve O’Donnell agus na filí Maureen Onwunali agus Róise Ní Bhaoill.
‘Féile na mBan – Brigid Beo’, Dé Luain an 2 Feabhra, 9:30 pm ar TG4