Fás ar liostaí feithimh sna hospidéil

Cathal Ó Murchú

Dar le sonraí a eisíodh maidir leis an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, tá 86,300 othar sa bhreis curtha ar liostaí feithimh náisiúnta chun dul faoi scian in ospidéil na 26 contae ag deireadh na bliana 2025, le 894,369 san iomlán ar na liostaí feithimh anois. Ní áiríonn na figiúirí seo 42,033 othar atá ar fionraí de bhrí nach bhfuil siad in ann freastal ar chóir leighis toisc cúiseanna pearsanta nó sóisialta nó nach bhfuil an cumas acu freastal.

In ainneoin go maíonn Sláintecare tréimhse deich seachtaine feithimh ar a mhéid d’othair sheachtracha agus dhá sheachtain déag d’othair chónaitheacha, tá na figiúirí feithimh ag méadú i ngach uile réimse san earnáil sláinte. Tá 107,181 othar cónaitheacha ag feitheamh i láthair na huaire ar bhonn náisiúnta, 7,540 duine fásta and 510 leanaí, ag feitheamh breis agus 18 mí nó níos mó. Is léir go sáraíonn na figiúirí seo spriocanna Sláintecare go mór. Fagann sé seo 611,987 othar sheachtracha ag feitheamh chun freastal ar lia comhairleach ag clinic do ar mheasúnú den chéad uair.

Is iad na hospidéil a bhfuil an líon is mó othar ag feitheamh ná Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe le 12,600 ag feitheamh leo ná Ospidéal Beaumont le breis is 11,000 agus Ospidéal na Mairtíreach le 10,350. Tá roinnt ospidéal ar fud na 26 contae, agus ar fud oileán na hÉireann, leis na mílte othar ag feitheamh ar chóir riachtanach leighis.

Ar na córacha leighis a bhfuil othair ag feitheamh leo tá oftalmeolaíocht, ortaipéidicí, máinliacht phlaisteach, faoiseamh péine, míochaine ríospráide péidiatraí, ortaipéidicí péidiachtacha, cóir leighis péidiachtraí agus máinliacht péidiatrach, chomh maith le liosta feithimh do mháinliacht dromlaigh, cuid mhaith acu ina leanaí. Tuigtear go n-éiríonn torthaí níos measa a fhad is atá othair ag feitheamh le cóir riachtanach leighis.

Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Bernard Gloster, gur sholáthair sé na figiúirí seo don Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill. Rinne an t-aire cáineadh ar dhrochstaid na liostaí feithimh an tseachtain seo caite in ainneoin gurb ise atá freagrach as an réimse seo agus ní hé seo an chéad uair a chuaigh figiúirí san earnáil seo in olcas agus í i gceannas mar Aire Sláinte.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.