Cóilín Duffy i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath

Tá atmaisféar spleodrach fiosrach agus dóchasach san aer i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo agus breis agus míle dalta meánscoile ó gach cearn den tír bailithe le chéile do Thaispeántas Stripe Eolaí Óig & Teicneolaíochta 2026. Tá 550 tionscadal ar taispeáint i mbliana, roghnaithe as beagnach 2,000 iontráil, agus iad scaipthe i gcúig chatagóir eolaíochta éagsúla.
D’oscail Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, an taispeántas go hoifigiúil Dé Céadaoin, in éineacht le comhbhunaitheoir Stripe, Patrick Collison. Ina hóráid oscailte dúirt sí gur “ócáid fíorspreagúil” a bhí ann agus ghabh sí buíochas leis na mic léinn, leis na múinteoirí agus leis na tuismitheoirí as an obair mhór a rinneadh chun na tionscadail a chur i láthair. “Is ábhar dóchais don todhchaí na deiseanna seo a bheith curtha ar fáil dár nglúin óg,” a dúirt sí.
Chuir an tUachtarán béim láidir freisin ar ról níos leithne na heolaíochta sa tsochaí. “Cé go bhfuil an acmhainn is mó ag an eolaíocht agus ag an teicneolaíocht freastal ar leas an phobail, ní bhíonn siad neodrach riamh ina gcuspóir ná ina bhfeidhm,” a dúirt sí, ag spreagadh na mac léinn chun smaoineamh go criticiúil ar thionchar a gcuid oibre ar an domhan mór.