Tá Lucht Vótála an Acadaimh meallta ag scannáin TG4 i mbliana agus 10 n-ainmniúchán faighte ag na scannáin Aontas agus Báite.
Tá ainmniúcháin faighte ag Aontas i sé chatagóir. Sa scannán seo socraíonn triúr gadaithe, faoi stiúir mná atá ar tí cliseadh néarógach a bheith aici, comhar creidmheasa faoin tuath a robáil. Cuirtear tús leis an scéal seo agus cúrsaí imithe in aimhréidh i ndiaidh na robála agus téitear siar san am go bhfeictear an méid a tharla roimhe sin. Feictear an tionchar a bhíonn ag na cinntí a dhéanann daoine ar an saol a bhíonn acu agus mar is féidir le cuimhní áirithe srian a chur ar dhaoine sa scannán seo.
Púca Pictures a léirigh an scannán seo a fuair maoiniú trí scéim Gealán ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, TG4 agus BBC Gaeilge le tacaíocht ó Yellowmoon.
Is é seo a leanas liosta iomlán na n-ainmniúchán atá faighte ag Aontas:
- An Scannán is Fearr
- Script Scannáin – Sarah Gordon & Damian McCann
- Príomhaisteoir Mná i Scannán – Carrie Crowley
- Aisteoir Tacaíochta – Seán T. Ó Meallaigh
- Aisteoir Tacaíochta Mná – Bríd Brennan
- An Bunscór – Daithí Ó Drónaí.
Tá ceithre ainmniúchán faighte ag an scannán Báite, scannán cumhachtach Gaeilge a léiríodh faoin scéim Cine4. Is mistéir é Báite, scéal atá lán le rúin. Meán Fómhair 1975, is gnáthlá atá ann do Peggy Casey (Eleanor O’Brien) agus í ag fáil faoi réir don deireadh seachtaine, tá sí ag súil go mbeidh a teach tábhairne lán go béal le hiascairí. Ach baintear siar as muintir na háite nuair a thagtar ar chorp i loch i ngar don bhaile. Tagann an Bleachtaire Sáirsint Frank Ryan as Baile Átha Cliath chun dul i mbun fiosrúcháin agus is léir go bhfuil rún folaigh ag muintir an bhaile.
Danú Media a léirigh an scannán seo le tacaíocht ó Fís Éireann, TG4 agus Coimisiún na Meán.
Is é seo a leanas liosta iomlán na n-ainmniúchán atá faighte ag Báite:
- Príomhaisteoir Mná i Scannán – Eleanor O’Brien
- Stiúrthóir Fir- Ruán Magan
- Script Scannáin – Sheena Lambert
- An Bunscór- Eimear Noone, Craig Stuart Garfinkle
Is iontach an lá é seo do scannáin Ghaeilge, agus do TG4 ar ndóigh. Is léiriú é an t-aitheantas atá faighte ag na scannáin ag Gradaim Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTA) 2026 ar na daoine cumasacha agus cruthaitheacha atá ag obair i dtionscal na scannán in Éirinn.
Dúirt Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4, “Tá TG4 thar a bheith bródúil as an aitheantas atá faighte ag ár gcuid scannán Gaeilge do Ghradaim IFTA na bliana seo. Leis na hainmniúcháin seo, déantar ceiliúradh ar na daoine ardchumasacha seo atá ag obair sa chúlra in earnáil scannánaíochta na hÉireann agus tugtar ardán do tharraingteacht dhomhanda scéalta na tíre seo. Comhghairdeas le gach duine a fuair ainmniúchán. Is iontach an gaisce é seo d’earnáil scannán agus teilifíse na Gaeilge.”
Fógrófar na buaiteoirí ag Searmanas Ghradaim IFTA, an 23ú bliain de na gradaim, Dé hAoine an 20 Feabhra in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath.