Oráid iontach as Gaeilge ag Paul Geaney tár éis dó an corn a ghlacadh
Cluiche ceannais peile uile-Éireann (sinsir, fir)
| Daingean Uí Chúis (Ciarraí) | 0-22 (22) |
| Naomh Bríd (Ros Comáin) | 1-17 (20) |
(tar éis am breise)
Cóilín Duffy
Corónaíodh Daingean Uí Chúis mar churaidh chraobhchomórtas sinsir uile-Éireann na gclub i bpeil na bhfear den chéad uair ina stair i ndiaidh cluiche ceannais éachtach a mhair breis agus 80 nóiméad dian i bPáirc an Chrócaigh. Ba é cic saor Mikey Geaney, a tháinig isteach mar ionadaí, a shocraigh an scéal ag deireadh an dara tréimhse d’am breise agus a bhronn Corn Aindí Uí Mhuireagáin ar chlub an Daingin.
Pointe amháin a bhí ann, an ceann is tábhachtaí dá shaol, agus ceann a chinntigh a áit sa stair. Ach i ndáiríre, ba chluiche clasaiceach é seo, a chuaigh anonn is anall gan stad, lán le drámaíocht, le cora gan chonne agus le himreoirí aonair ag teacht chun cinn ar an stáitse is mó sa tír. Sa deiradh ba iad muintir an Daingin an séú club ó Chiarraí a d’ardaigh Corn Aindí Uí Mhuireagáin.
Ar feadh tréimhsí fada den chluiche, áfach, ba chosúil go mbeadh Naomh Bríd i gceannas. Bhí Ruaidhrí Fallon eisceachtúil i gcroílár chosaint chlub Ros Comáin, ag scóráil 1-06 san iomlán, lena n-áirítear an cúilín dúbailte a thug an cluiche isteach go ham breise. Chuir sé trí chúilín eile leis san am breise féin agus bhí Naomh Bríd trí cinn chun cinn ag pointe amháin, rud a thug le fios go bhféadfadh an dara craobh uile-Éireann, i ndiaidh 2013, a bheith acu.