Cuireann triúr gníomhaithe de Ghníomhaireacht na Palaistíne deireadh le stailc ocrais i bpríosún sa Bhreatain

Cóilín Duffy

Tá deireadh curtha ag Lewie Chiaramello, Heba Muraisi agus Kamran Ahmed le stailc ocrais

Tá deireadh curtha ag triúr ghníomhaithe den ghrúpa Gníomhaireacht na Palaistíne lena stailc ocrais i bpríosún sa Ríocht Aontaithe tar éis 73 lá, agus iad ag maíomh go bhfuil ceann dá bpríomhéilimh comhlíonta ag an rialtas. Is iad Kamran Ahmed, Heba Muraisi agus Lewie Chiaramello an triúr a chuir tús leis an “athbheathú” Dé Céadaoin, de réir an ghrúpa feachtais Prisoners for Palestine.

Deir an grúpa gur diúltaíodh conradh stáit ar fiú £2 bhilliún (thart ar €2.3 billiún) é don chomhlacht cosanta Elbit Systems, comhlacht atá lonnaithe in Iosrael agus atá gníomhach sa Ríocht Aontaithe. Dar le Prisoners for Palestine ba “éileamh lárnach” de chuid na stailceoirí ocrais é nach bhfaigheadh Elbit Systems an conradh sin, a mbeadh i gceist leis oiliúint a chur ar fáil do thart ar 60,000 saighdiúir Briotanach gach bliain.

Tá na príosúnaigh seo ar coinneáil ar feitheamh trialach faoi láthair maidir le líomhaintí go ndearna siad briseadh isteach agus damáiste coiriúil mar chuid dá bhfeachtas leis an ngrúpa Gníomhaireacht na Palaistíne, sular toirmeascadh an grúpa faoin reachtaíocht frithsceimhlitheoireachta sa Ríocht Aontaithe. Séanann siad na cúisimh agus tá siad ag éileamh go dtarraingeofaí siar iad.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.