Cathal Ó Murchú

Thug an Taoiseach Micheál Martin cuairt ar Dhaon-Phoblacht na Síne ó Dé Domhnaigh an 4 go dtí Déardaoin 8 Eanáir.  Chaith sé a chuid ama san ardchathair, Béising, inar bhuail sé le hUachtarán na Síne Xi Jinping, an príomh-aire Li Qiang agus cathaoirleach Bhuanchoiste Chomhdháil Náisiúnta an Phobail Zhao Leji. Chuaigh sé freisin go Shang-hai, an chathair is mó, inar bhuail sé le méara na mórchathrach sin Gong Zheng, agus labhair sé le ceannairí gnó ag díriú ar thrádáil, infheistíocht, turasóireacht, bia agus deochanna.

An aidhm atá leis an turas seo dar leis an bpreasráiteas a d’eisigh Roinn an Taoisigh ná “caidreamh déthaobhach eacnamaíochta agus trádála a chothú idir Éire agus an tSín, le béim ar institiúidí a chuireann slándáil agus síocháin chun cinn.”

Dúirt sé freisin, “Táim ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar an tSín agus naisc pholaitiúla, cultúrtha agus eacanamíochta a dhaingniú idir ár dtíortha.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.