
Gach bliain i mi Eanáir tagann ceannairí domhanda ón lucht gnó, ó shaol na polaitíochta, ó eagraíochtaí domhanda, ón tsochaí shibhialta, ón lucht léinn, ó na meáin chumarsáide, ó na healaíona agus neart eile chuig cruinniú bliantúil de chuid an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda in Davos na hEilnéise. Bhí thart ar 2,500 ceannaire i láthair ag an mórchuinniú sna réimsí agus earnálacha éagsúla seo. Is ceannairí ón Iarthar iad den chuid is mó, cé go bhfuil ceannairí ann ó gach cearn den domhan. Seachas an Rúis agus an Bhealarúis i láthair na huaire. Bhíodh siad ann tráth! Is minic a thugtar mórmháistrí na hollchruinne orthu.
Pléitear mórcheisteanna an domhain ann agus i mbliana tá neart imní ann faoin gcliseadh ar an dlí idirnáisiúnta, go háirithe maidir leis an mbeart a d’fhógar an tUachtarán Donald Trump an Ghraonlainn a ionghabháil isteach sna Stáit Aontaithe, beart a ghoilleann go mór ar chomhghuaillithe SAM san Eoraip. Bhí lucht an mhórchruinnithe ar cipíní maidir leis an méid a bhí le rá ag Trump. Dúirt sé nach n-úsáidfeadh sé fórsa míleata leis an nGraonlainn a ionghabháil, ach bhagair sé iarmhairtí orthu siúd a chuirfeadh ina choinne i dtaobh an bhirt seo.
Tá mórán in amhras faoina gheallúint gan leas a bhaint as an lámh láidir. Fad is a bhí Trump ag labhairt, d’fhág Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus ceannairí eile an cruinniú. Roimhe sin dhiúltaigh Trump bualadh le Macron i bPáras.
Goilleann na taraifí breise a d’fhógair Trump ar na hEorpaigh chomh maith, in ainneoin go ndearnadh comhréiteach idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach i mí Iúil seo caite, comhréiteach a raibh sách náireach do na hEorpaigh i ndáiríre. Leis an gComhréiteach sin ghlac na hEorpaigh le taraifí
Údar imní eile do lucht an chruinnithe ná tionscnamh Trump maidir le ‘bord síochána’ a bhunú chun déileáil le coimhlintí an domhain go héifeachtach, beart a thugann droim láimhe do na Náisiúin Aontaithe. Bheadh an bord seo, ar ndóigh, faoi stiúir agus smacht na Stát Aontaithe agus tá sé ar intinn ag Trump go rialódh agus go smachtódh an bord síochána seo Gaza, le hiar-phriomh-aire na Ríochta Aontaithe Tony Blair i gceannas!
Ceann de na hóráidí is suntasaí ba ea an ceann a thug Príomh-aire Cheanada Mark Carney nuair a dúirt sé go raibh “deireadh le ré an oird riailbhunaithe agus gur réabadh láithreach seachas aistriú bog atá i gceist leis an deireadh seo.”
Ina theannta sin dúirt sé, “Eascraíon cumhacht an oird seo, ní ón bhfírinne, ach gach éinne ag ligean orthu go bhfuil sé fíor. Ghlacamar páirt sa mhargadh seo agus sheachnaíomar an bhearna idir an maíomh agus an fíorshaol a lua. Ní mhaireann an margadh seo a thuilleadh. Bím lom díreach faoi seo. Is réabadh seachas aistriú atá i gceist!”
Is éard is ciall leis seo ná go dtiocfaidh deireadh leis an gcóinéas idir Ceanada agus na Stáit Aontaithe agus tugann sé seo comhartha suntasach go bhfuil an beart céanna ar intinn ag cuid mhaith eile de chomhghuaillithe an Iarthair. Beidh le feiceáil an dtapóidh ceannairí eile an Iarthair an deis chun briseadh ó na Stáit Aontaithe.
Is cinnte go bhfuil athruithe suntasacha fadtéarmacha i ndán do chúrsaí reatha an domhain in 2026!