Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna
1. Sotalach (8)
5. Ábaltacht (9)
9. Deartháir Gretel i scéal de chuid na ndeartháireacha Grimm (6)
11. Cuireann sé aistriúchán comhuaineach ar fáil ag cruinnithe idirnáisiúnta (10)
12. Seanfhocal: Is olc an _ _ nach fiú fead a ligean air (2)
14, Créacht oscailte a bhfuil leacht ag úscadh as an t-am go léir (5,6)
17. Ní (ginideach) (4)
18. Paidir: _ _ _ na nAspal (3)
19. Beathúil (7)
20. Lúb reatha ar cheann rópa: ní gá ach tarraingt a bhaint astí chun í a fháscadh (6)
21. Chuireamar na clocha ar barr a chéile: _ _ _ _ _ _ _ _ _ iad (9)
22. Trína chéile (7)
23. Réabadh faoin talamh (4)
25. Stuaic nó grainc (5)
26. _ _ _ _ _, Marcas, Lúcás agus Eoin (5)
28. Ag imirt peile i gCiarraí: ag imirt _ _ _ _ _ (5)
30. Gastacht (10)
31 Ainm Béarla amharclann cháiliúil i mBaile Átha Cliath a bunaíodh in 1928 (4)
34. Daoine ón Spáinn nó ón bPortaingéil (9)
35. Uimhir íseal (3)
36. Duine atá aranta agus cosúil le sceach dheilgneach (7)
37. Suaimhneach (8)
Síos
1. Dia Éireannach nasctha le deisbhéalaí, críonnacht, neart agus scríbhneoireacht (5)
2. An mhórchríoch is mó i dtír (6)
3. Réimeas na Naitsithe: An tríú _ _ _ _ _ (5)
4. Gan aird (9)
6. Soilse as (11)
8. Éan creiche (3)
10. An mhéar is lú (6)
13. Tá Wolfe Tone curtha anseo (5,8)
15. Rúnmhar (11)
16. Cófra ar bhalla (ginideach) (6)
18. Réabhlóidí clúiteach de chuid Mheiriceá Theas (3,7)
21. Tá siad dilis don phápa
24. Laoch de chuid na nGréagach: thóg sé 10 mbliana air dul abhaile ón Traí (8)
27. Fiabhras (7)
29. Neamhghlan (6)
31. Fáthchiall: an _ _ _ is giorra don scornach (3)
32. Ní féidir é a sheachaint, níl _ _ _ _ ná toirmeasc air (4).
33. Crann duillsilteach mór a bhfuil coirt mhín liath, duilleoga ubhchruthacha agus cnónna triantánacha air.
Freagraí ar Crosfhocal #64
TRASNA: 1. Íde 3. Stánosclóir 10. Néandartálach 12. Dord 13. Cadóg 14. Allah 16. Chun 17. Lua 18. Tailm 19. Claí 20. Ab 22. Omega 23. Ruaig 25. Speanc 26. Sorcóir 28. Tál 30. Aicmí 32 Heidelberg 33. Tréanas 34. Earcaigh 36. Dhó 37. An-mhór 38. Geansaí
SÍOS: 2. Deardan 4. Tíreolaí 5. Scabhat 6. Imelda May 7. Sniodh 8. Udmhall 9. Teagmhas 11. Áibhéar 13. Criogar 15. Luach 16. Chonstaintín 19. Carn Uí Néid 21. Buacaire 24. Tochas 27. Ilearraí 28. Treáigh 29. Plandóg 31. Citeal 35. Uan