Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  I lár an ama a bhíonn gach duine ina chodladh (1,5,2,6)
8. Mac Homer Simpson (4)
10. Ag an am seo (1, 7, 2, 6)
11. Ábhar a úsáidtear chun beoir a dhéanamh (5)
13. Duine a bhfuil aghaidh shalach air (10)
15. Fo-ithir (5)
16. San áireamh (8)
17. Máchailí (7)
20. Sloinne dordghiotárai U2 (7)
21. Náid, ginideach (7)
24. Seanfhocal, dhá dtrian moille le _ _ _ _ _ _ (6)
26. Daoine a thagann ón sínsear céanna (4)
27. D’fheictí iad seo sna goirt fadó nuair a bhíodh an féar bainte (7)
29. Baile beag ar an tSionainn ina bhfuil Músaem Iarnróid a Chabháin agus Liatroma (6)
32. Nuair nach bhfuil tú ann go fóill tá ort dul (4,5)
34. Gaineamhlach ollmhór san Afraic (2,6)
35. _ _ _ Gaelach, Gotach, Iodálach, Rómhánach, agus mar sin de (3)
36. Is breá leis an gcóála duilleoga an chrainn seo (7)
38. Rath (gin) (4)
39. Tá cleití orthu (3)

Síos

1.  An leithinis is mó in Éirinn (4,7)
2. Brón ollmhór (3,4)
3. Roimh an síniúchán, mise le _ _ _ _ (4)
4. Bhí Nicolae Ceaușescu ina dheachtóir ar an tír seo (2,6)
5. An duine a bhí freagrach as 9/11, mharaigh na Meiriceánaigh é sa Phacastáin (5,3,5)
6. Níor mhiste liom, ba _ _ _ _ _ liom (5)
7. Díolann Barrys, Bewleys, Lyons agus Robert Roberts é seo (3)
8. Ornáid (8)
9. Cás gramadaí a úsáidtear chun seilbh a thaispeáint (7,9)
12. Neamhchoitianta (iolra) (7)
14. Caitheann siad, sa mhodh choinníollach (11)
18. Mac do dheirféar (3)
19. Neamh-mhánlacht (9)
22. Ina dhiaidh sin, _ _ _ sin (3)
23. Dar Crom: dar _ _ _ (3)
25. Mainicín bréige a úsáideann an gúnadóir (8)
27. Dearfa (6)
28. Crann buaircíneach síorghlas, saghas amháin de is ea an Monterey (6)
30. Éagóir (5)
31. Cuaille nó rachta (5)
33. Colpa (4)
37. Cibé (2)

Freagraí ar Crosfhocal #62

TRASNA: 1. Idirbhliain 6. Scaoil 8. Steodaire 11. Ionsaigh 14. Eochair 16. Treabhar 18. Cíos 19. Cuach 21. Antoisceach 23. Col 24. Hurais 25. Phéacfadh 28. Brad 29. Arastal 30. Geafaire 31. Aranta 32. Mó 33. Toronto 34. Freisin 35. Eatarthu 36. Tathag
SÍOS: 1. Ilsleasach 2. Ibeach 3. Bád 4. Iúr 5. Náireach 7. Amasach 9. Iaráic 10. Eitleach 12. Nábla 13. Haischlib 15. Aililiú 17. Rí 20. Créachta 22. Tormasaithe 23. Chiontaigh 25. Plate 26. Éata 27. Callaire 28. Boglach 29. Arizona 32. Moch
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.