TG4 ag tabhairt Costa del Ceol Tíre chun na Spáinne

Paul Claffey agus Jo Ní Chéide

In Cádiz na Spáinne a taifeadadh Costa del Ceol Tíre le linn Thuras Ceoil Tíre mór le rá Paul Claffey, an chéad uair ag TG4 an chuid seo de shaol an cheoil tíre a thaispeáint mar chuid de shraith TG4 a bhfuil an-tóir uirthi. Rachaidh an clár anonn faoin ngrian go dtí an Costa del Sol, áit a mbeidh os cionn 600 duine a bhíonn ag leanúint amhránaithe ceoil tuaithe na hÉireann bailithe le chéile do sheachtain mhór a bheidh lán le jiveáil, válsáil agus le draíocht na laethanta saoire.

Is í Jo Ní Chéide a chuirfidh an tsraith i láthair agus taispeánfar croí agus anam an turais sa chlár, ina measc comhráite ar chúl stáitse, píosaí cainte leis lucht spéise agus ceol agus amhráin ó roinnt de réalta ceoil tuaithe is mó na hÉireann. Beidh ceoltóirí mór le rá ar an gclár, ina measc: Mike Denver, Michael English, Brendan Shine, Dominic Kirwan, John McNicholl agus Eiffe Neill.

Seachtain cheiliúrtha í seo a bhíonn lán le ceol, craic agus damhsa faoi ghrian an tsamhraidh, agus beidh beagán gailf ann freisin dóibh sin a dtaitníonn leo an ceol agus an galf a mheascadh. Tagann an dream seo ar ais bliain i ndiaidh bliana don atmaisféar, don mhuintearas agus don tsiamsaíocht dhochreidte a chuirtear ar fáil i rith na seachtaine.

Dírítear aird sa gclár seo freisin ar Paul Claffey Tours, atá ag comóradh os cionn 30 bliain i mbun gnó anois ag eagrú na dturas ceoil is mó seo freisin ar Paul Claffey Tours in Éirinn. Luaitear Paul Claffey Tours go forleathan mar an dream a chuir tús le laethanta saoire ceoil tuaithe na hÉireann, agus ba iad an chéad dream iad a thug lucht leanúna ceoil tuaithe na hÉireann ar thurais eagraithe cheoil thar lear, coincheap a bhfuil glactha go fonnmhar leis ó shin ar fud an tionscail.

Agus iad ag ceiliúradh cloch mhíle speisialta in 2026, tá an comhlacht ag seoladh clár iontach turas sa bhaile agus thar lear, agus beidh ceiliúradh comórtha an-speisialta ar siúl sa Spáinn mar chuid de, ar nós mar atá le feiceáil san eagrán bríomhar, spraíúil seo de Costa del Ceol Tíre.

Costa del Ceol Tíre, Dé Máirt an 20 Eanáir ag 21.30 ar TG4

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.