An glas triarach
Is é atá sa ghlas triarach ná ráthaíocht ńo geallúint do mhuintir na hÉireann nach mbeidh arm na hÉireann páirteach i gcoimeád na síochána i láithreacha cogaidh gan 3 choinníoll: údarú na Náisiún Aontaithe, na Dála,agus an rialtais, agus nach mbeidh níos mó ná seachtar acu ann ag aon am amháin.
Nuair a d’éirigh leis an bpobal Conradh Nice a chur go tóin poill bhí an rialtas ar buile, agus maorlathas na hEorpa chomh maith, agus bhíodar chun an conradh a bhrú chun cinn arís. Bhí gné láidir mhíleata ag baint leis an gconradh, agus níos mó fós i gconradh Liospóin. “Cuirfimid méadú cuimsitheach ar ár gcumas míleata” a dúradh.
Ní raibh an focal “neodracht” sna conarthaí.
Vótáil Éire don chómhargadh. Ach bhí Ray Crotty, Anthony Coughlan, John Maguire, Patricia Mc Kenna agus mórán eile imníoch. Nuair a bhí an rialtas chun an Ionstraim Eorpach Aonair a shíniú gan reifreann in 1987 thug Ray Crotty, le cabhair, cás ardchúirte, ag rá go gcaithfeadh reifreann a bheith ann dá mbeadh aistriú cumhachta ann ó Éirínn go dtí an Bhruiséil. Bhuadar an cás agus bhí reifreann ann in 1987 do Chonradh Maastricht, do Chonradh Amstardam agus do Chonradh Nice. Bhí an rialtas chun Conradh Liospóin a shíniú gan reifreann, ach fuaireamar an reifreann ar deireadh thiar. Dhiúltaigh an pobal do Chonradh Nice agus do Chonradh Liospóin. Sin é an uair a tháinig an glas triarach i bhfeidhm. Ritheadh an dá reifreann sin, agus ba é an glas triarach an bhreab, nó mílseog, a tugadh dúinn chun “Tá” a rá. Bhí taoisigh áirithe ag tabhairt “loolas” agus “wafflers” orainn ar an teilifís ó chruinniú in Gothenburg. Chuir an rialtas ” foram” ar bun, timpeall na tíre, “chun an Eoraip a mhíniú do mhuintir na hÉireann,” ar chomhairle Tony Quinn. Lena linn sin, tháinig cúpla aoi speisialta anall chun léacht a thabhairt dúinn i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Angela Merkel, Kofi Annan, Peter Sutherland, Éireannach gan puinn measa ar mhuintir na hÉireann, ag caint síos linn.
Tá na rialtais ag iarraidh an glas triarach a bhriseadh ó shoin, chun a gcairde sa Bhruiséil a shásamh.
Is briseadh ar ár neodracht ar shlí é, síorghluaiseacht airm Mheiriceá anonn is anall ón tSionna go dtí an Meánoirthear, agus diúltaíonn an rialtas na heitleáin a chuardach, agus bíonn longa cogaidh ó Shasana ar ancaire i gcalaphort Chorcaí ó am go ham.
Tá an Taoiseach ag síorcháineadh fhlaitheas na hÉireann, go bhfuil sé “as dáta”. Tá aire gnóthaí eachtracha nua ag aontú leis an tuairim sin, agus fodhlithe nua á dtabhairt isteach aici. Níl sí ach cúpla mí sa phost. I ndomhan atá an-ghuagach, fonn airgid ar thionscal na n-arm, is ceart a bheith cáiréiseach. Caitheann Éire €2 bhilliún sa bhliain ar “chosaint”, agus tá brú uirthi timpeall €5 bhilliún a chaitheamh nuair atá éigeandáil tithíochta, sláinte,agus choiriúlachta againn agus ocras ar dhaoine in Oileán na Naomh is na nOllamh. Ochón, tá na coiligh throda an-ghlórach. Tá Comhaontas Síochána agus Neodrachta, Gluaiseacht an Phobail ( people.ie), Afri, agus mórán grúpaí beaga eile ag obair go dian dícheallach, gan mhaoiniú, chun stop a chur leis an bhfíoch fola agus leis an óinsiúlacht seo. Go n-éirí go geal leis na hiarrachtaí!
Le meas,
Máire Úna Ní Bheaglaoich
Aonach Mhargadh na Feirme, BÁC 7