Daingean Uí Chúis 1-26, Baile Bodain Naomh Éanna 1-24 tar eis am breise
Cóilín Duffy
Tá sé dearbhaithe anois go mbeidh Mark O’Connor ar fáil do Dhaingean Uí Chúis, rud a thugann borradh mór misnigh dóibh agus iad ag ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar Naomh Bríd as Contae Ros Comáin i bPáirc an Chrócaigh i gcluiche ceannais peile sinsir na bhfear AIB Dé Domhnaigh, an 18 Eanáir ag 3.40 pm.
Bhain Daingean Uí Chúis a slí amach go dtí an cluiche ceannais tar éis bua dochreidte a fháil ar Bhaile Bodáin Naomh Éanna, 1-26 go 1-24 tar éis am breise, i Páirc Uí Chaoimh SuperValu i gcluiche leathcheannais a raibh gach rud ann, luas, drámaíocht, conspóid agus filleadh iontach.
Bhí tús láidir ag foireann Bhaile Bodáin. Bhí Ryan O’Dwyer lárnach ina n-ionsaí agus scóráil sé seacht gcúilín ar fad, agus bhí James Holland, Colm Basquel agus Daire Sweeney ag oscailt na cosanta le pasanna cliste agus rith tapa. Bhí seansanna acu ar chúl chomh maith, agus bhí siad chun cinn 0-14 go 0-5 ag leath ama. Cuireadh cúl Conor Flannery ar ceal go conspóideach díreach roimh an sos, rud a d’fhág na Ciarraígh faoi bhrú mór.