Clár Chomórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan-Cheilteach ‘26 seolta!

Ná bac leis an Eoraifís i mbliana! Is é Ceatharlach a bheidh i lár an aonaigh oíche Dé Sathairn beag seo nuair a roghnófar iarratas na hÉireann le bheith páirteach sa Chomórtas Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach 2026.

Reachtáilfear Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha Pan-Cheilteach ’26 in Amharclann GB Shaw/Ionad Ealaíne VISUAL, Ceatharlach oíche Dé Sathairn, an 24 Eanáir ag 8 pm.

As 46 iarratas san iomlán don chomórtas i mbliana, tá 15 amhrán den scoth roghnaithe don ghearrliosta le bheith páirteach sa chraobh. I measc na n-amhrán ar an ngearrliosta tá cinn as Co. na Gaillimhe, Dún na nGall, Maigh Eo, Baile Átha Cliath, Loch Garman, Ciarraí, Cill Chainnigh agus Ceatharlach.

Cuirfear na hamhráin i láthair beo os comhair painéal moltóirí agus lucht féachana. Is iad na moltóirí i mbliana ná Charlie McGettigan buaiteoir na Eurofíse 1994, an t-amhránaí agus cláirseoir aitheanta Órla Fallon agus craoltóir ar Kclrfm Martin Bridgeman.

  1. Áine Durkin. “Briseadh Croí”. Conamara / Dún na nGall
  2. Dave Barron & Fiach Ó Muircheartaigh. “Dúlra Scriosta” Ceatharlach
  3. Bernard McCabe. “Tabhair Dom Do Lámh” Muigheo
  4. Seán Breathnach. “Ceatharlach Le Chéile”. Ceatharlach
  5. Paul Kelly & Damian Mac Gabhann. “Imigh Ón áit Seo”. BÁC.
  6. Damian Mac Gabhann. “Hé Hó Craic ar an mbád”. BÁC.
  7. Emmet Jones/Dara Eaton. “Mo Ghrása” Dara & The Patsys. Ceatharlach
  8. Fergal De Cantúin. “Caoineadh Deirdre” Cill Chainnigh.
  9. Stephen Murphy. “Aithrí”. Loch Garman
  10. enCÓRe. “Ós Do Chomhair”. Ceatharlach
  11. Éire & Chulainn Ó Faoláin. “An Áit a mBíonn Faoin Uisce”. Loch Garman
  12. Noeleen Ní Cholla. “Fan Liom”. Gaoth Dobhair, Dún na nGall
  13. Amano Miura. “An Domhan Thíos” An tSeapáin & Cill Airne, Ciarraí
  14. Éabha Breathnach. “Ceanndána”. Conamara.
  15. Oisín Mac Cinnéide & Gaelcholáiste. “Siúl Ar Aghaidh”. Ceatharlach.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.