

Bhí comórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada ar siúl in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh Dé hAoine seo caite. Bhí 15 cheoltóir, beirt as Meiriceá ina measc, san iomaíocht don duais mhór i mbliana.
Bhí an comórtas dírithe ar uirlisí giolcaigh miotail i mbliana, lena n-áirítear an bosca ceoil, an consairtín agus an t-orgán béil. Bhí triúr ceoltóirí iomráiteacha i mbun moltóireachta: Mary Mac Namara, seinnteoir consairtín as Contae an Chláir, chomh maith leis na boscadóirí Johnny Óg Connolly agus Danny O’Mahony.
Bhuaigh Ríona Hely as Inis, contae an Chláir an comórtas i mbliana. Bronn sí an bonn óir, a dhear Niamh Utsch agus €2,500. Is dalta í Ríona atá ag staidéar Ceol agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Ina theannta sin, múineann sí ranganna ceoil i gCorcaigh agus i gcontae an Chláir.
Ag caint le An Páipéar, ghabh Hely buíochas ar dtús le Peadar agus leis na moltóirí as an deis agus an tacaíocht a fuair sí. Labhair sí faoin spreagadh a thug a tuismitheoirí di ó aois óg chun tabhairt faoin gceol traidisiúnta, chomh maith leis an tionchar mór a bhí ag a múinteoirí, Lily O’Connor, buaiteoir an chomórtais anuraidh, agus Mary Mac Namara, ar a forbairt ceoil. Mhínigh sí gur úsáideadh scéalta an cheoil chun í féin a spreagadh agus í óg, cur chuige a úsáideann sí anois ina teagasc féin chun meas agus tuiscint ar an traidisiún a chothú i measc daltaí óga.
Dúirt Hely gur dúradh léi ó aois óg go raibh cosúlachtaí idir a cuid ceoil féin agus stíl Kitty Hayes. Mhínigh sí go raibh meas mór aici ar stíl bheo, nádúrtha Kitty agus ar an mbealach ar chuir sí fuinneamh sa cheol. Ina theannta sin, dúirt sí go raibh tionchar láidir ag Elizabeth Crotty uirthi freisin, go háirithe maidir lena rithim láidir, an réimse leathan port a bhí aici, agus na píosaí casta a bhí mar chuid dá stór ceoil.
Dúirt Hely gur roghnaigh sí réimse leathan port a bhí ceangailte leis an stíl cheoil agus leis an gceantar. Bhí roinnt port dúshlánach ina measc freisin, cuid acu a mhúin ceann de na moltóirí, Mary Mac Namara, di. D’adhmaigh sí chomh maith go raibh sí an-chrua uirthi féin uaireanta le linn na tréimhse ullmhúcháin.
Bunaíodh an Bonn Óir Seán Ó Riada in 2010 ag Peadar Ó Riada, mac le Seán Ó Riada. Is imeacht bliantúil é a cheiliúrann uirlis cheoil thraidisiúnta ar leith, nó ar ghrúpa uirlisí. Déantar moltóireacht ar na hiomaitheoirí bunaithe ar charactar agus ar spiorad a gcuid ceoil seachas ar chruinneas teicniúil amháin.