Tá fás leanúnach eile bainte amach ag TG4 ar a sciar den lucht féachana i rith na bliana 2025, agus is é seo an cúigiú bliain as a chéile ina bhfuil ardú bliantúil taifeadta ag an gcainéal, an tréimhse is faide d’fhás leanúnach le 16 bliana anuas.
De réir figiúirí nua ó TAM Ireland, ghnóthaigh TG4 meánsciar 2.3% den lucht féachana teilifíse i rith 2025. Ina theannta sin, d’fhéach 77.2% den lucht féachana teilifíse in Éirinn ar an gcainéal ar a laghad uair amháin le linn na bliana, figiúr a leagann béim ar leathnú leanúnach thionchar an stáisiúin.
Ag labhairt di faoin toradh dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, gur dea-scéal é an fás seo agus gur léiriú é ar an gceangal atá á chothú idir an cainéal agus an lucht féachana. Dar léi, is teist iad na figiúirí ar chaighdeán an ábhair, ar an tóir leanúnach ar chláir bheo spóirt agus ar an obair ilardáin atá ar bun chun freastal ar nósanna féachana atá ag athrú.