Bronnadh an stádas ‘níos glaine ná gnáthchaighdeáin eorpacha’ ar lár Chathair na Gaillimhe arís sna torthaí is déanaí ó Ghnólachtaí na hÉireann i gcoinne Bruscair (IBAL). Tá Cathair na Gaillimhe ar cheann de 10 n-áit in Éirinn a bhfuil an caighdeán ard seo bronnta orthu. Tháinig an dea-scéala agus gan é ach mí cheana ó bhuaigh Bailte Slachtmhara na Gaillimhe Bonn Óir do cheantar lár na Cathrach.
Is léiriú ar an obair leanúnach atá ar bun i gCathair na Gaillimhe chun dul i ngleic le bruscar an áit ard a baineadh amach sa suirbhé, lena n-áirítear níochán cumhachta ar shráideanna lár na cathrach; piocadh suas bruscair agus glanadh sráide go laethúil; boscaí bruscair grianchumhachtaithe ardtoillte; stáisiúin uisce phoiblí chun buidéil uisce a líonadh; mar aon le tionscnaimh lena n-áirítear Scoileanna Glasa, Cóstaí Glana, bailiú Earraí Toirtiúla, agus Glantacháin Phobail i measc nithe eile.
Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe buíochas a ghabháil leis na hoibrithe deonacha ar fad ar fud na cathrach, agus lenár bhfoireann bruscair féin as an mórtas atá acu as an gcathair.