Tá na Gaeil ar cheann na dreamanna ba luaithe san Eoraip a bhain leas as sloinnte chun iad féin a aithint. De réir na staire, is é Ó Cléirigh an chéad sloinne ar taifead againn in Éirinn thiar sa deichiú haois. Tá taifead ann de Thigherneach Ua Cléirigh, tiarna de ríocht Aidhne sa cheantar ina bhfuil Contae na Gaillimhe anois, fear a cailleadh sa bhliain 916. Cad chuige ar tháinig sloinnte ar an fhód? Gach seans go raibh borradh ar dhaonra na tíre agus gur mhothaigh daoine go raibh orthu bealach a fhorbairt chun daoine éagsúla a aithint óna chéile. Roimhe seo, ní raibh gá lena leithéad. An t-ainm a bhí ar fhear ná a ainm pearsanta agus ansin ainm a athar sa ghinideach le ‘mac’ roimhe. Agus muid ag amharc ar ainmneacha roimh an deichiú haois, bíonn a fhios againn nach sloinne atá ann nuair is “mac” atá ann roimh an dara hainm seachas ‘Mac’. Corruair bíonn mearbhall ar dhaoine faoin difríocht seo. Feictear go minic ainm cheannaire na bhFiann scríofa mar “Fionn Mac Cumhaill”. Ach baineann Fionn agus na Fianna le tréimhse sa stair sula raibh sloinnte ann. “Fionn mac Cumhaill” an t-ainm ceart, is é sin gur mac é Fionn le fear darb ainm Cumhall.
Bhí éagsúlacht i gceist le bunús na sloinnte Gaelacha. Bhí cuid mhaith acu bunaithe ar ainmneacha pearsanta a bhain leis an teaghlach, mar shampla Ó Cathail nó Ó hEochaidh. Cuid eile bhain siad le homós do naomh faoi leith, mar shampla Mac Giolla Phádraig nó Mac Giolla Bhríde. Bhí cuid de na sloinnte eile bunaithe ar stádus mhuintir an duine fadó, mar shampla Mac an Airchinnigh. Ba phost é an t-airchinneach a bhain le talamh na heaglaise. Sampla eile is ea Mac an Taoisigh, atá coitianta in Albain.
Nuair a tháinig na Sasanaigh go Éirinn rinne siad iarracht an tír a ghalldú. Ar feadh i bhfad níor éirigh leo. A mhalairt a bhí fíor. D’éirigh siad chomh buartha sin faoi thionchar an chultúir Ghaelaigh go ndearna siad iarracht stop a chur leis. Achtaíodh Reachtanna Chill Chainnigh in 1366, dlíthe a chuir cosc ar ainmneacha Gaelacha a bheith in úsáid i gceantair ina raibh riail na Sasanach i bhfeidhm. Ach ní go dtí an séú haois déag agus Imeacht na nIarlaí in 1607 gur tháinig rath ar iarrachtaí na Sasanach Éire a ghalldú. Próiseas córasach a chuir na Sasanaigh i bhfeidhm chun cuidiú leo seilbh iomlán a ghlacadh ar an tír, seilbh ar an talamh agus seilbh ar aigne na nGael tríd an teanga dhúchas a scriosadh agus fáil réidh leis na sloinnte Gaelacha.
Bhain na Sasanaigh feidhm as modhanna éagsúla chun na hainmneacha a ghalldú. Cuireadh deireadh den chuid is mó le Ó agus Mac i sloinnte. Rinneadh sloinnte a thraslitriú, is é sin nár athraíodh an sloinne iomlán sa leagan galldaithe ach scríobhadh an sloinne ar bhealach mbeadh Béarlóir sásta leis, mar shampla athraíodh Mac Thréinfhir go Traynor no Ó Raghallaigh go Reilly. In amanna rinneadh sloinnte a mhalartú, is é sin sloinne Sasanach a úsáid in ionad sloinne Ghaelaigh. Athraíodh Ó Brólcháin go Bradley agus Ó Cuinneagáin go Cunningham. Cuid den am aistríodh sloinne díreach ón Ghaeilge go Béarla, mar shampla Mac Gabhann go Smith.
Leis an Athbheochan ag deireadh an naoú haois déag tháinig bród ar phobal na hÉireann arís agus thosaigh daoine a bhaint leas as an leagan Gaeilge dá sloinnte. In amanna mhothaigh daoine gur leor é Mac agus O’ a úsáid arís seachas an sloinne iomlán a athrú go Gaeilge. Tháinig borradh ar leaganna cosúil le O’Reilly agus O’Connor. Corruair bhí an nasc caillte ag daoine leis an sloinne Gaelach agus rinneadj botún i nGaelú sloinnte áirithe, mar shampla thosaigh daoine ag úsáid O’Gorman mar shloinne nuair, den chuid is mó, is Mac Gormáin a bhí ann sa Ghaeilge. Níl dabht ar bith ach gur cailleadh go leor tuigbheála ar éagsúlacht na sloinnte nuair a tháinig réim an Bhéarla i bhfeidhm. Ach le tochailt agus taighde, thig leat teacht ar shaibhreas na sloinnte. Ba chóir do dhaoine a bheith bródúil as a sloinnte, is cuma carbh as an sloinne. Cothaíonn do shloinne nasc le do mhuintir féin atá imithe. Más sloinne Gaelach é, cothaíonn sé nasc leis an chultúr Ghaelach, cultúr agus oidhreacht nár éirigh le hansmacht a bhaint den tsaol.
Tá Seán Ó Murchadha mar scríbhneoir rialta ar sloinntí do Ireland’s Own.