An Ghraonlainn ar liosta fada na dtíortha faoi bhagairt Trump

Cathal Ó Murchú

Ó d’fhuadaigh forsaí speisialta de chuid na Stát Aontaithe Uachtarán Veiniséala Nicolás Maduro óna thír dhúchais baineadh stangadh as muintir an domhain as an sárú lom a rinne rialtas Trump ar an dlí idirnáisiúnta. Lean an tUachtarán Trump ag ag bagairt ar cheannairí agus tíortha eile, cosúil le leas-Uachtarán Veiniséala Delcy Rodríguez, Uachtarán na Colóime Gustavo Petro as a ghearán faoi fhuadach Maduro, Poblacht na hIaráine de shíor faoi bhagairt mhíleata ó Iosrael agus ó na Stáit Aontaithe, an Nigéir a buamáladh le déanaí, agus neart eile.

Ach maidir leis an nGraonlainn, críoch fhéinrialach atá mar chuid de Ríocht na Danmhairge, tá sé maíte go lom ag Trump go bhfuil siad chun an chríoch seo a ionghabháil chucu féin mar go bhfuil sé “riachtanach do leas na Stát Aontaithe é seo a dhéanamh.”  In ainneoin gur comhghuaillí fadseasta ECAT í an Danmhairg, rinne Trump beag bean ar leasa a chomhghuaillí.  Luaigh Trump an beart seo den chéad uair beagnach bliain ó shin go luath tar éis dó a bheith insealbhaithe mar Uachtarán na Stát Aontaithe. Bhí comhrá ag an Uachtarán Trump le Príomhaire na Danmhairge Mette Fredrikssen i mí an Mhárta seo caite nuair a d’éiligh sé go lom an Ghraolainn a ionghabháil. “Comhrá uafásach a bhí ann” dar le Fredrikssen, a tháinig sna sálaí ar ar gheall sé le linn a fheachtais  uachtaránachta.

Ní hé seo an chéad uair a léirigh na Stáit Aontaithe spéis an Ghraolainn a ionghabháil. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda bhí ‘ionadh’ ar na Danmhargaigh gur lean na Meiriceánaigh ar aghaidh lena ngabháil ar an gcríoch seo, agus tá siad ann ó shin i leith. Thairg na Meiriceánaigh an chríoch seo a cheannach sa bhliain 1946, ach dhiúltaigh na Danmhairgigh é a dhíol. Dar le hAire Trádála na Danmhairge ag an am Jens Otto Krag, “Ba é ceann de na príomhfháthanna a ndeachaigh an Danmhairg isteach in ECAT nár theastaigh uathu an chríoch seo a chailleadh agus fórsaí Mheiriceá a bheith lonnaithe ann.”

Ní hé seo an chéad uair a sciob na Meiriceánaigh tailte agus críocha ollmhóra óna n-iarúinéirí. Cruthaíodh na Stáit Aontaithe trí chinedhíothú agus díshealbhú bhundúchasaigh Mheiriceá Thuaidh nuair a bunaíodh an tír in1776. Idir 1846 agus 1848 d’fhear Meiriceá cogadh ar Mheicsiceo agus ghabh siad beagnach leath de chríoch Mheicsiceo, achar talún 1,370,000 km2, lena n-áiritear Texas, New Mexico, Arizona, California, Nevada, Utah, Colorado agus Wyoming isteach sna Stáit Aontaithe faoi deireadh an chogaidh. D’fhógair siad cogadh eile i gcoinne Impireacht na Spáinne sa bhliain 1898 agus tar éis dóibh an lámh in uachtar a fháil sa chogadh, shlog siad an impireacht úd chucu féin, a chuimsigh Cúba, na Filipíní agus neart oileán máguaird.

Cé go ngeallann an tUachtarán Trump todhchaí gheal do mhuintir Ionúiteach na Graonlainne má ghéilleann siad dá thoil, léiríonn stair na Stát Aontaithe an ghruaim a bhíonn i ndán do bhundúchasaigh ar bith!

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.