An Ghaeilge chun tosaigh i measc thionscadail Thaispeántas an Eolaí Óig 2026

Cóilín Duffy

Cé gur minic go nasctar an tEolaí Óg agus an Taispeántas Teicneolaíochta leis an nuálaíocht, an chódáil agus an eolaíocht ardteicneolaíochta, is léir ag Taispeántas 2026 go bhfuil gné eile ag teacht chun cinn go láidir, is é sin, úsáid na Gaeilge mar theanga oibre, smaointeoireachta agus cruthaitheachta san eolaíocht féin. I mbliana, tá fiche tionscadal cláraithe a chuirtear i láthair trí Ghaeilge, rud a léiríonn borradh suntasach sa mhuinín agus sa chumhacht teanga i measc scoláirí óga ar fud na tíre.

Tagann na tionscadail seo ó raon leathan scoileanna agus ceantair, ó Ghaelcholáiste Chiarraí i gCiarraí, go Coláiste Ailigh i nDún na nGall, Coláiste Daibhéid i gCorcaigh, Scoil Chaitríona i mBaile Átha Cliath agus Coláiste Pobail Osraí i gCill Chainnigh, i measc go leor eile. Léiríonn sé seo go soiléir nach feiniméan teoranta don Ghaeltacht amháin í an eolaíocht trí Ghaeilge, ach go bhfuil sí fréamhaithe anois i gcóras níos leithne an oideachais.

I measc na dtionscadal Gaeilge atá i láthair tá ábhair atá thar a bheith comhaimseartha agus ábhartha ó thaobh sochaí de. Mar shampla, tá tionscadal ó Scoil Chaitríona i mBaile Átha Cliath (Seastán 1223) a dhéanann iniúchadh ar an gcumas féideartha atá ag an deinim athchúrsáilte chun bindealáin a chruthú, smaoineamh a nascann an inbhuanaitheacht, an tsláinte agus an dearadh eolaíoch ar bhealach úrnua.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.