Aidan Walsh: “Ní cheapfainn go mbeadh an seans seo agam arís, agus tá mé ag iarraidh gach soicind de a mhothú.”

Cóilín Duffy

Tá seachtain mhór romhainn ag An nGaeltacht agus ag Aidan Walsh araon agus an fhoireann ag ullmhú do chluiche ceannais idirmheánach club na hÉireann sa pheil, cluiche a thabharfaidh go Páirc an Chrócaigh iad arís, an stáitse is mó agus is mó le rá i saol Chumann Lúthchleas Gael. Do Aidan Walsh, imreoir a bhfuil taithí fhada aige ar ardleibhéal an chluiche idirchontae agus club, is ócáid thar a bheith pearsanta agus mothúchánach é.

“Le bheith fírinneach, ní cheapfainn go mbeadh an seans seo agam arís,” a deir Walsh le An Páipéar.
“Cheap mé go raibh an chaibidil sin de mo shaol dúnta. Sin an fáth go bhfuil mé ag iarraidh gach soicind de a mhothú agus a bhaint amach an deireadh seachtaine seo.”

Cé gur bhog sé óna chlub dúchais i gContae Chorcaí, deir sé nach laghdaíonn sin ar chor ar bith speisialtacht na hócáide. “Bíonn gach imreoir ag brionglóideach faoi Pháirc an Chrócaigh agus faoi chluiche ceannais. Ach bíonn sé difriúil nuair atá tú ann le club, le do chairde, le do chomharsana, leis an bpobal mórthimpeall ort.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.