
Thug Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, cuairt ar cheanncheathrú RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara, le linn turas oifigiúil ar Chonamara.
Chuir an tUachtarán crann nua taobh amuigh den stáisiún, nós ar chuir an t-iar-Uachtarán Máire Mhic Róibín tús leis agus a lean Micheál D Ó hUigínn chomh maith.
Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, “Tá ríméad orainn in RTÉ Raidió na Gaeltachta fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ar a cuairt speisialta chuig an gCeannáras i gCasla. Is ócáid stairiúil í seo a léiríonn an tábhacht agus an ról lárnach atá ag RnaG i gcroílár an phobail, pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ó bunaíodh an stáisiún breis agus 50 bliain ó shin, tá misean na seirbhíse soiléir: seirbhís chuimsitheach nuachta agus siamsaíochta a chur ar fáil don phobal. Níl aon amhras faoi ach go dtuigeann an tUachtarán Connolly an misean sin agus tá muid an-bhuíoch as an tacaíocht leanúnach a thugann sí don tseirbhís. Is lá speisialta é seo dúinn agus tá súil againn go mbainfidh sí taitneamh as an gcuairt. Guíonn muid gach rath uirthi agus í ag tabhairt faoina tréimhse mar Uachtarán na hÉireann agus beidh míle fáilte roimpi i gcónaí in RTE Raidió na Gaeltachta.”
Bhí agallamh leis an Uachtarán Catherine Connolly le cloisteáil ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta curtha i láthair ag Gormfhlaith Ní Thuairisg maidin De hAoine.