Tubaiste don tionscal iascaireachta in Éirinn

Eoin Ó Murchú

Tubaiste don tionscal iascaireacht in Éirinn is ea an margadh a rinneadh i mBruiséal an tseachtain seo caite i dtaobh chomhpholasaí iascaireachta an Aontais Eorpaigh.

Dar le Comhghuaillíocht Bhia Mara na hÉireann (SIA) beidh laghdú ar chuóta na hÉireann síos 57,000 tonna níos lú an bhliain seo chugainn.

Shroich na ballstáit AE aontú maidir le hiascach san Aigéan Atlantach, sa Mhuir Thuaidh, sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh agus in uiscí eile don bhliain 2026 agus do roinnt stoic ar leith don bhliain 2027 agus 2028.

Dúirt an SIA gur ghlac Éire seasamh láidir in aghaidh an laghdaithe cuóta, ach go bhfuarthas “boiseóg san aghaidh” ónár bpáirtnéirí Eorpacha.

“Sé an rud is measa,” a dúirt iascaire amháin, “ná go mbeimid srianta do bheith ag iascaireacht ceathracha lá sa bhliain ach iascairí ón bhFrainc, ón Spáinn agus ó bhallstáit eile in ann leanúint ar aghaidh ag iascach inár gcuid uiscí.

Dúirt an SIA go mb’fhéidir go gcaillfeadh muid €200 milliún an bhliain seo chugainn, agus go mbeadh pobail chósta i gcalafoirt ar nós na gCeall Beag, Baile Chaisleán Bhéara agus Binn Éadair i mbaol a scriosta ar fad.

Dúirt an SIA leis go raibh an Coimisiún Eorpach i ndiaidh dul siar ar ghealltanais a cuireadh sa Chomhbheartas Iascaigh (CFP) a tugadh le cosaint a thabhairt don tír seo i bhfianaise thábhacht an tionscail abhus.

Dúirt Aodh Ó Dónaill ó Eagraíocht Táirgeoirí Éisc na hÉireann go gcuirfeadh an margadh an-chuid long Éireannach agus gnólachtaí bia mara i mbaol.

“Tá an tAE tar éis cliseadh ar thionscal iascaireachta na hÉireann arís agus arís eile. Ciallaíonn an cliseadh slad amach is amach dúinn. Ag an deireadh thiar tá teipthe ar an gComhpholasái Iascaigh,” a dúirt sé. “Is léiriú é ar chóras atá go bunúsach éagórach mar gur féidir le ballstáit mhóra agus gnólachtaí móra a bhfuil i ndán don tionscal a bhrú orainn ar fad.”

Dar leis an Dónallach, níor ceadaíodh d’Éirinn, den chéad uair le beagnach 50 bliain, meicníocht árachais fadtéarmach a bhí deartha chun cosc a chur ar laghduithe scaireanna troma, is é sin gur cuireadh cosc ar an Hague Preference, a cruthaíodh in 1976 chun náisiúin a bhí ag brath go mór ar iascaireacht, lena n-áirítear Éire, a chosaint. 

Ghlac an tAire Stáit um Iascach, Timmy Dooley, leis go mbeidh gearradh siar tubaisteach ar iascaireacht na hÉireann in 2026 mar thoradh ar an margadh seo.

Dúirt sé go raibh díomá air gur chuir grúpa de bhallstáit cosc ar mheicníocht chosanta an Haugue Preference i gcoinne na hÉireann.

“Cruthaíodh an Hague Preference,” dúirt sé, “ar mhaithe maolú a thabhairt ar thionchar long ó bhallstáit eile ag teacht isteach in uiscí na hÉireann”.

É sin ráite, ní cosúil go bhfuil sé ar intinn an rialtais aon bheart eile a dhéanamh faoin scéal, cé go ndeir Dooley go ndéanfaidh an rialtas iarracht cabhrú eacnamaíochta a thabhairt do na pobail iascaireachta.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.