Tá sé á mholadh do shaoránaigh de chuid na hÉireann a bhfuil cónaí orthu gan an cháipéisíocht chuí sna Stáit Aontaithe gan a theacht ar ais go hÉirinn le haghaidh na Nollag mar gheall ar imní faoi bhearta géara an Uachtaráin Donald Trump maidir le hinimirce mídhleathach.
Tugtar rabhadh go bhféadfaí saoránaigh de chuid na hÉireann a ghabháil nó cosc a chur orthu filleadh ar na Stáit Aontaithe in eagrán dar teideal Trump agus na Gaeil den chlár cúrsaí reatha Iniúchadh TG4.
Tuairiscítear ar an gclár chomh maith gur léir ó fhigiúirí nua ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath gur tháinig ardú mór i mbliana ar líon na saoránach de chuid na hÉireann a d’iarr cúnamh i ndáil lena ndíbirt as na Stáit Aontaithe.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!