Tayto sa tSicil: Conas a Scaip mé Gaeilge ar fud na hEorpa

Tadhg Ó Buachalla

Tadhg Ó Buachalla in Lecce san Iodáil áit a raibh deis aige a bheith ina ambasadóir ar son ár gcultúir Ghaelaigh ar chúrsa Erasmus Plus

Táim i mo mhúinteoir bunscoile i Lios Tuathail i gCiarraí Thuaidh, agus ní bhíonn lá ann nach mbím ag iarraidh spás nua éigin a chruthú le Gaeilge a chloisteáil, a úsáid agus a cheiliúradh. Bím ag eagrú imeachtaí pobail, ag rith campaí samhraidh le Ógras, agus chaith mé roinnt blianta ag múineadh i gcoláistí Gaeilge. Mar sin tá an teanga agus an óige fite fuaite le mo shaol ó bhonn.

Le déanaí, tháinig deis nach raibh mé ag súil léi, a bheith i m’ambasadóir ar son ár gcultúir Ghaelaigh ar chúrsa Erasmus Plus i Lecce san Iodáil. Bhí an cúrsa dírithe ar an ngluaiseacht frithchiníochais, ábhar domhain, tábhachtach, agus ceann a thabharfaidh uirlisí nua dom agus mé ag obair le daoine óga. Mhothaigh mé an luach a bhí sa phlé ón gcéad lá.

Bhí spreagadh eile i gceist leis an turas seo freisin. Fuair mé post úr le Céad Míle Fáilte i dTrá Lí, tionscadal de chuid Chonradh na Gaeilge a chuireann fáilte roimh ilchineálacht trí mheán na Gaeilge. Tá sé dochreidte an éagsúlacht daoine atá ag glacadh páirte, agus an dóchas nua atá le brath i bpobail Ghaeilge.

Thosaigh mo thuras in Bari sula ndeachaigh mé ar an traein go Lecce. Bhuail mé le rannpháirtithe ó thíortha éagsúla agus léim isteach sa saibhreas cultúrtha a bhí timpeall orm. Bhí Senthil ann, fear atá ag freastal ar ranganna Céad Míle Fáilte i bPort Láirge, agus is beag nár thosaíomar ag múineadh Gaeilge do leath na hEorpa! “Dia duit,” “slán,” agus ar ndóigh “go raibh maith agat”. Bhí na frásaí ag scaipeadh níos tapúla ná mar a cheapfá.

Gach oíche, reáchtáladh oíche chultúir. D’ullmhaigh mise m’ionadaíocht Éireannach, Tayto agus milseáin. Níorbh fhada gur thuig mé go raibh áit speisialta ag criospaí i gcroí na nEorpach. Thaitin siad go mór leo agus bhí gáire againn go léir faoin gcuma a bhí ar dhaoine nuair a bhlais siad an chéad cheann!

Ní hé seo mo chéad eachtra Erasmus, áfach. In 2022, chuaigh mé le hÓgras go Milan agus ar aghaidh go Cortemilia ar thraein, mo chéad uair san Iodáil. Ní raibh aithne agam ar mo chomhpháirtithe ar dtús, ach faoi dheireadh an chúrsa bhí cairde agam ó gach cearn, agus sin an rud is cumhachtaí faoi Erasmus, foghlaim neamhfhoirmiúil, obair ghrúpa, cairdeas agus cultúr.

D’fhill mé leis arís i Meán Fómhair 2024, an uair seo chun na hÍsiltíre. Eitilt go hAmstardam, traein go Ommen, ionad campála, ranganna ar ardchaighdeán agus an bia is fearr, agus an costas taistil clúdaithe. Ní féidir dul níos fearr ná sin!

Mholfainn Erasmus Plus do dhuine ar bith a bhfuil fonn taiscéalaíochta agus foghlama air. Bíonn siúlach scéalach, agus tá neart scéalta bailithe agam cheana féin.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.