Tá tairiscint nua fógartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann agus Macnas, ina dtugtar cuireadh do sholáthróirí cuidiú le coincheapa a fhorbairt le haghaidh eispéireas cuairteoirí Macnas i gCathair na Gaillimhe a bheadh ar siúl ar feadh na bliana. Tá an tairiscint ar fáil ag www.etenders.gov.ie. Dúnfar é an 23 Eanáir 2026.
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo, a aithníodh i bPlean Forbartha Cinn Scríbe agus Eispéiris Chathair na Gaillimhe, taitneamhacht shuntasach chultúir a chruthú ina gceiliúrtar an comhlacht amharclainne radhairc idirnáisiúnta a bhfuil duaiseanna buaite aige. Neartóidh an tionscadal seo a thuilleadh cáil na Gaillimhe mar phríomhchathair chruthaitheach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Sa bhliain 1986 a bunaíodh Macnas i nGaillimh agus tá lucht féachana ar fud an domhain meallta aige le mórshiúlta tumthacha, léiriúcháin amharclainne agus comhshaothair. Cuirfidh an taitneamhacht nua beocht in ealaíontacht Macnas gach lá, agus cuirfear ceardlanna, taispeántais idirghníomhacha agus turais nach ndéanfaidh na cuairteoirí dearmad orthu ar fáil mar chuid de.