Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá caibidil eile againn daoibh an tseachtain seo.

Caibidil 7
Iarracht
Doras an tseoimrín bhig fhaoisimh ar chúl an stáitse ar leathadh agus an Ceallach ag druidim leis. Is ann atá Daire ag ligean a scíth sula bhfillfidh sí ar an slua. A fhios ag an seanmhúinteoir nach go héadrom a luíonn ualach na gaoise ar an ngirseach. Ní go héadrom riamh a luíonn ualach mar é ar dhuine ar bith, cuma sean nó óg. Ach is maith is eol don seanmháistir nach aon mhíbhuntáiste é a bheith rud beag siar sna blianta nuair is gá a leithéid a iompar. Leagann sé leathlámh ar mhurlán an dorais agus brúnn isteach rud beag breise é. Agus, sin Daire roimhe, í cromtha ar chathaoir i lár an tseomra agus a cloigeann íslithe ina lámha aici. Mionchasacht roimh cainte dó a ligeann sé mar fhógairt ar a theacht. Ardaíonn an ógbhean a ceann.
“A Mhic Uí Cheallaigh!” ar sí, agus seasann sí chun lámh a shíneadh lena hoide. Tá sé le feiceáil ar a héadan go bhfuil sí tuirsithe go maith ag an iarracht. Tuigeann an Ceallach nach cóir dó am an fhaoisimh a ghoid uaithi.
“Dhá shoicind leat, agus sin an méid, a Dhaire, le go ndeire mé leat go bhfuil tú iontach. Tá tú cróga, a thaisce, agus tá mé cinnte go bhfuil do mhuintirse bródúil asat. Tá mé féin thar a bheith bródúil asat, agus is mór tábhachtach iad na téamaí a bhfuil tú ag labhairt amach orthu. Nár loice tú riamh ar an gcleachtas sin. ’Nois, treise leat, a chroí,” ar sé, “agus go ndéana tú leas na n-éisteoirí lena bhfuil de ghaois le roinnt agat leo fós.” Agus, leis sin, bailíonn sé leis.
De thobainne theacht agus imeacht an Cheallaigh, tá tuirse na hiarrachta ardaithe den ghirseach agus é scuabtha leis go háit anaithnid. Í gríosaithe as an nua ag cineáltacht agus dearfacht na bhfocal molta atá tugtha ag a hoide di. Í atréanaithe ag flaithiúlacht na mbriathra uchtaigh uaidh. É ina tuiscint aici gurb é atá inti ná ionstram. Sea, ionstram chun maitheasa san áit ar féidir an mhaitheas sin a chothú, a fhorbairt, a scaipeadh. Agus tuigeann sí gurb é sin atá le déanamh aici agus gur chuige sin atá tallann na cainte agus bua an chur i láthair bronnta uirthi. Glacann sí anáil mhór fhada agus réitíonn í féin faoi choinne an chéad dreas eile cainte.
Meantóir Dhaire díreach ag cur faoi arís ar a chathaoir i lár an lucht éisteachta nuair a fheictear an bhean óg ag teacht faoi shoilse an stáitse athuair. Cuma na húire uirthi thar mar a bhí roimh sosa di, de réir mar a mheasann sé féin í. Druideann sí leis an micreafón fós eile. “Ní huasal go humhal, a chairde,” ar sí, agus í i dtús a marana arís. “An té atá uasal, ní foláir dó a bheith umhal, óir is í an umhlaíocht bunchloch na fíor-uaisleachta, díreach mar is í an uaisleacht bunchloch na humhlaíochta. Ní ag dhá cheann continuum a sheasann siad mar thréithe, ná taobh le taobh. Ní hea, ach ar mhullach a chéile agus fite fuaite ar a chéile atáid. Tá siad doscartha óna chéile. Ní leathbhádóirí iad, ach aon bhádóir amháin, agus é ag rámhaíocht leis ar bhréitsí tonnmhara mara agus ar fharraigí méithe araon.