Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá caibidil eile againn daoibh an tseachtain seo.

Caibidil 6
Oidhreacht agus Teanga
“Oidhreacht!” arsa Daire den cheathrú huair in achar gearr cainte. “Ní tada sinn dá huireasa.”
A fhios ag an mbean óg gur ráiteas mór – ráiteas dána – é sin atá eisithe aici anois díreach. Ach ní rud di é an dánacht sin, díreach mar nach rud di é an mheatacht, ach oiread. Tá a h-anam slán ar thaibhsiúlacht na dtéad ceangailteach. Ach tuigeann sí, mar sin féin, go mb’fhéidir nach mar sin atá ag go leor díobhsan atá ina suí os a comhair amach. Go mór maith meabhrach ar an bhféidearthacht atá sí go mb’fhéidir gurb é atá san oidhreacht i meonta chuid dá héisteoirí ná scátha dorcha daorbhroide arbh bhfearr leo gan aghaidh ná smaoineamh a thabhairt orthu, ach ealú uathu, mórán mar a dhéanfadh gadaí bradach a scanraítear ag gleo éigin i lár na hoíche duibhe. É sin, nó gurb ionann oidhreacht dóibh agus deis mhór inúsáidte a cheadódh dóibh dlús an ghairéid a imirt ar nósanna na sinsear le go ndéanfaí saibhreas saorga aisti i saol nithiúil an ama. Brabús! Tréas! Iúdásachas!
“Oidhreacht!” ar sí fós eile, agus idir chúis ’gus chiall san athrá arís eile aici. “Is ann atá ár laochra is ár línte léinn, is ann d’ár stair ’s d’ár seanchas, is ann d’ár ndaonnúlacht ’s d’ár ndaoine, is ann d’ár gceol ’s d’ár gcultúr. Is ann don uile ní d’ár ndéanamh.”